
Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe, i gcomhpháirtíocht le Club Seoltóireachta Chuan na Gaillimhe, tar éis seoladh oifigiúil a dhéanamh ar Scoláireachtaí Gaeilge Chois Trá do shamhradh 2026, le sé scoláireacht ar fiú €320 an ceann iad ar fáil do scoláirí idirbhliana agus cúigiú bliain sa chathair.
Tá an tionscnamh dírithe ar dhaltaí atá ina gcónaí agus ar scoil i gCathair na Gaillimhe, agus tugann sé deis dóibh ullmhú don scrúdú béil Ardteistiméireachta agus iad ag baint sult as réimse leathan gníomhaíochtaí mara agus talún i suíomh nádúrtha Rinn Mhíl.
Beidh na cúrsaí ar siúl idir an 8 agus an 12 Meitheamh agus an 15 agus an 19 Meitheamh, ó 9.30 ar maidin go 4.30 tráthnóna. Cuirfear ranganna Gaeilge ar fáil ar maidin faoi stiúir scrúdaitheora Ardteistiméireachta, le béim ar scileanna labhartha agus ullmhúchán béil, sula mbeidh tráthnónta lán le seoltóireacht, snámh, raftáil, cluichí, céilithe agus spraoi ar an uisce.
Dúirt Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Mike Cubbard, go bhfuil sé tábhachtach “muinín sa Ghaeilge a chothú” i measc daoine óga trí thaithí dhearfach spraíúil.
Chuir Marcus Ó Conaire, Oifigeach Gaeilge na Comhairle, béim ar ról na cathrach mar bhaile seirbhíse Gaeltachta, agus ar an tábhacht a bhaineann le spásanna nádúrtha Gaeilge a chruthú lasmuigh den seomra ranga.
Dar le Johnny Shorten ó Chlub Seoltóireachta Chuan na Gaillimhe, tá an-tóir ar an gcúrsa cheana féin agus is deis ar leith é do dhaoine óga Gaeilge agus scileanna nua a fhorbairt ag an am céanna.
Caithfear iarratais a chur isteach ar líne faoi mheán oíche an 10 Bealtaine trí GalwayCity.ie. Beidh crannchur na nduaiseanna ar siúl an tseachtain dar tús an 11 Bealtaine.