Rian na Fola, clár fáisnéise le Dara Ó Cinnéide a nochtann rúndiamhair faoi dhúnmharú staraí as Ciarraí   

Is clár faisnéise é Rian na Fola ina leantar iarimreoir caide Chiarraí agus craoltóir le RTÉ Raidió na Gaeltachta Dara Ó Cinnéide ar thuras ó Ghaeltacht Chorca Dhuibhne go Meiriceá ar thóir freagraí ar mhistéir atá os cionn céad bliain d’aois.

D’fhoilsigh an Ciarraíoch Patrick M. Foley dhá leagan thábhachtacha de stair Chorca Dhuibhne agus na mBlascaodaí ag tús an fhichiú aois, ach faraor tá a chuid scríbhinní, scéalta eachtraíochta agus an drochbhás a fuair sé caillte le cuimhne na seacht sinsear.

Nochtfar gach cor agus casadh i scéal fíorspéisiúil an fhir sin as an Daingean sa scannán Gaeilge seo trína dtabharfar an lucht féachana ar aistear siar go dtí ré an Spealta Mhóir i Meiriceá agus ina dtabharfar saol a bhí múnlaithe ag fiosracht, ag an gcruatan agus a bhí faoi scáth an fhoréigin chun solais.

Chuaigh Patrick M Foley, scríbhneoir, staraí, náisiúnaí as Corca Dhuibhne ó dhúchas ar imirce go Meiriceá in 1909 agus le linn a chuid taistil thug sé cuairt ar Mheicsiceo, Cúba, Easanna Niagara, San Francisco, meániarthar na Stát Aontaithe agus na stáit ó dheas, agus is in Sallisaw, Oklahoma, i gcroílár na tuaithe ó dheas a chaith sé laethanta deiridh a shaoil, áit ar thug sé cuairt air ach nár fhág sé riamh.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.