Ainmniúcháin á lorg do Ghradam Comaoine TG4 2026

Tá TG4 agus Gradam Ceoil tar éis ainmniúcháin phoiblí a lorg do Ghradam Comaoine 2026, an gradam is mó le rá i saol cheol traidisiúnta na hÉireann. Bunaíodh an gradam in 2006 chun ómós a thabhairt dóibh siúd a rinne sárshaothar ar son chaomhnú, chur chun cinn agus leathnú na n-ealaíon traidisiúnta, in Éirinn agus ar fud an domhain.

Den cheathrú bliain as a chéile roghnófar an faighteoir trí mheascán d’ainmniúcháin ón bpobal agus cinneadh ó phainéal roghnúcháin. I measc na bhfaighteoirí le blianta beaga anuas tá Áine Hensey (2025), Cairdeas na bhFidiléirí, Dún na nGall (2024), agus Frank McArdle as Glaschú (2023), rud a léiríonn an réimse leathan daoine agus eagraíochtaí a bhfuil tionchar acu ar shaol an cheoil thraidisiúnta.

Faighteoir Ghradam Comaoine 2025 Áine Hensey

Fáiltítear roimh ainmniúcháin do dhaoine aonair, grúpaí, eagraíochtaí nó tograí pobail a bhfuil obair shuntasach déanta acu mar mhúinteoirí, thaighdeoirí, scríbhneoirí, mheantóirí, léiritheoirí nó ghníomhaithe pobail sna healaíona traidisiúnta.

Glacfar le hainmniúcháin go dtí an 29 Bealtaine 2026 trí shuíomh TG4 (https://www.tg4.ie/ga/brandai-eile/gradam-ceoil/ainmnigh/), agus ní ghlacfar ach le hainmniúchán amháin in aghaidh gach seolta ríomhphoist. Fógrófar an faighteoir nua i mí Iúil 2026.

Is deis é seo don phobal aitheantas a thabhairt dóibh siúd atá ag cinntiú go maireann agus go mbíonn borradh faoi cheol traidisiúnta na hÉireann do na glúine atá le teacht.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.