Tá Éire Neamhspleách ag treisiú sna pobalbhreitheanna mar thoradh, gan dabht, ar an ról a d’imir an páirtí san agóid bhreosla.
Léirigh an agóid go bhfuil míshuaimhneas ann go forleathan faoin tuath faoin gcaoi a bhfuil cúrsaí ag dul. Tá tuairim láidir ann faoin tuath gur cuma leis an rialtas na fadhbanna faoi leith a bhaineann leo.
Thar aon pháirtí eile is cosúil gur bhain Éire Neamhspleách leas as an míshuaimhneas sin. Bliain ó shin bhí an páirtí ag 4% sna pobalbhreitheanna. Anois tá siad ag 7%.
Ní páirtí mór iad, ach seans maithe go dtabharfaidh an leibhéal tacaíochta sin cothromaíocht na cumhachta dóibh i ndiaidh an chéad olltoghcháin eile.
Sa phobalbhreith chéanna thit tacaíocht Fhianna Fáil arís. Is cosúil go bhfuil ceangal idir an dá fhigiúr sa chaoi gur lucht tacaíochta Fhianna Fáil, den chuid is mó, a bhí i lucht na hagóide.
Sin é an fáth go bhfuil an rialtas ag lorg bealach amach as an tsáinn ina bhfuil siad trí thacaíocht a cheannach le beart le cabhrú le lastóirí, conraitheoirí talmhaíochta agus daoine eile.
Is fiú a thabhairt faoi deara, ámh, nach bhfuil gnáthoibrithe cathrach i measc na ndaoine eile sin, ná pinsinéirí ná daoine eile a bhíonn ag brath ar íocaíochtaí leasa sóisialta.
Tá pacáiste €500 milliún fógartha ag an rialtas, i ndiaidh an phacáiste €750 milliún a fógraíodh cheana. Tá an easpa cabhrach d’oibrithe cathrach ag cur as don eite chlé sa fhreasúra, ach is cosúil gur cuma leis an rialtas an cáineadh sin acu más féidir leo lucht na tuaithe a shásamh, agus, tá súil ag Fianna Fáil go háirithe a gcuid vótaí a thabhairt ar ais don pháirtí.
Is dócha go mbeidh níos mó ná sin ag teastáil. Tá míshuaimhneas i measc lucht tuaithe ag dul in airde le tamall, agus is é sin atá, ar bhealach, taobh thiar den líon neamhspleách atá tofa i dtoghcháin le tamall, ó mhuintir Healy-Rae go Boxer Moran, Seán Canney agus eile.
Ní fheadair ar chaill roinnt de na neamhspleáigh sin, go háirithe an dream atá ceangailte leis an rialtas, a seasamh leis na vótóiri. Bhí sé de chiall ag Michael Healy-Rae éirí as an rialtas mar gheall ar an scéal seo. Tá le feiceáil céard a tharlóidh don dream eile.
Ní páirtí den eite chlé iad Éire Neamhspleách, ach, má tá cothromaíocht na cumhachta acu, an dtaobhóidh siad le Sinn Féin agus comhghuaillíocht chlé, nó an gcuirfidh siad Fianna Fáil ar ais sa rialtas?
Níl a fhios ag éinne go fóill, agus, is dócha, níl a fhios acu féin é ach an oiread.