Ranganna teanga comharthaíochta saor in aisce do pháistí bodhra sna sé chontae

Cuireadh bille tríd an Tionól le linn na seachtaine chun na ranganna seo a éascú

Jack Mac Íomhair

Beidh na sé chontae ar an chéad áit idir an Ríocht Aontaithe agus Éire a chuirfeas ranganna teanga comharthaíochta saor in aisce ar fáil do pháistí bodhra. D’éirigh leis an Bhille Teanga Comharthaíochta 2025 sa Tionól Dé Máirt.  

Cuirfidh an bille seo dualgas ar an Roinn Pobal na ranganna seo a chur ar fáil saor in aisce do dhaoine bodhra faoi 25 agus a ngarghaolta, caomhnóirí agus cúramóirí.

Dúirt an tAire Gordon Lyons, a d’úsáid teanga comharthaíochta nuair a bhí sé ag déanamh intreoir don bhille, go bhfuil sé mar sprioc ag an bhille míchothromaíocht sheanbhuanaithe a réiteach. Dúirt sé go léiríonn an bille luachanna comhroinnte ar fud an Tionóil, is iad sin cothromaíocht, dínit agus ionracas.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.