
Grianghraf: Kenneth Gallerty Smyth / geograph.org.uk
Maidir leis an athrú aeráide agus an téamh domhanda ina theannta atá le teacht amach anseo, tá sé tuartha ag Gníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil go dtéifidh an Eoraip níos gasta ná aon ilchríoch eile ar domhan. Leis seo eascróidh iarmhairtí tromchúiseacha le gur féidir ardú meánteochta, ganntanas bia agus féidearthacht gorta, ardú básmhaireachta, scrios ar an dúlra, ganntanas uisce agus triomach, dochar do bhonneagar náisiúnta agus ardú leibhéal na farraige a áireamh mar reimse leathan de chontúirtí atá ar na bacáin do mhuintir na hEorpa.
Ó rinneadh taifead ar mheánteocht bhliantúil an domhain thart ar 1850, tá sé le tabhairt faoi deara ní hamháin go bhfuil ardú leis an meánteocht, ach go bhfuil géarú leis an ardú seo freisin, go háirithe sna deich mbliana is déanaí. Ón mbliain 2010 tá na deich samhradh is teo ar taifead, agus an ceann is teo taifeadta in 2024. Leis an teas foircneach seo, eascraíonn strus teasa agus oícheanta trópaiceacha in áiteanna nár go mbeadh an teas sin ann ach corruair, ach é ag éirí níos minice. Bíonn drochthionchar ag an gcineál sin teochta ar shláinte an phobail, go hairithe do sheandaoine agus daoine leochaileacha i dtaobh a sláinte.
Leis an ardú teochta is minice ganntanas uisce agus do triomaich ann, cásanna atá le feiceáil le blianta beaga anuas. Rachaidh na géarchéimeanna i bhfeidhm in áiteanna a fhulaingíonn ó strus uisce, go háirithe i gcríocha na Meánmhara i ndeisceart na hEorpa, agus tá tionchar ag an strus uisce ar thrian de dhaonra na hEorpa. Tá laghdú báistí ar bhonn tréimhsiúil le sonrú, fiú in áiteanna a mbíonn sé fairsing agus rialta de ghnáth, ar nós Éireann. Ag an am céanna tá leibhéal na farraige ag ardú agus cothóidh sé seo géarchéimeanna as féin don chuid is mó de dhaonra na hEorpa atá ina gcónaí in aice leis an gcósta. Beidh práinn sa bhreis smm do phobail ó bhorradh i stoirmeacha atá ag éirí níos minice agus níos treise, atá ina bhagairt ar bhonneagar agus cathracha cois farraige. Eascraíonn ardú leibhéal na farraige ó chrapadh na n-oighearshruthanna agus na n-oighearbhratacha, atá ina fhíorbhaol d’Éirinn san fhadtéarma.
Leis na hathruithe aeráide seo tiocfaidh dochar don dúlra chun cinn, don fhiadhúlra agus do bheatha na mara fiú. Tá laghdú cheana féin ag teacht leis an mbithéagsúlacht agus an t-éacachóras faoi bhrú, rud a chothóidh neart fadhbanna eile as féin, baol gorta ina measc. Tá falscaithe, loscadh sléibhe agus tinte fiáine ag dul i méad, rud a chuireann brú sa bhreis ar an mbithéagsúlacht.
Cuirfidh sé seo isteach ar an talmhaíocht chomh maith, i dteannta le triomlach agus ganntanas uisce. Ar ndóigh tá seo ina bhagairt ar shlándáil bhia agus táirgiúlacht talmhaíochta agus leis sin beidh baol gorta ann.
Tá impleachtaí réigiúnacha agus sóisialta leis an tsraith géarchéimeanna seo. I ndeisceart na hEorpa beidh siad buailte ag ardú teasa agus ganntanas uisce ar feadh tréimhsí níos faide.
Leis an gcogadh san Iaráin tá an tAontas Eorpach ag iarraidh fuinneamh in-athnuaite a fhás go mór. Tugann an tuairisc seo spreagadh eile dóibh.