
Eoin Ó Murchú Cé go bhfuil an Eastóin go hoifigiúil ag lorg deireadh leis an gcogadh chun a caidreamh leis an Rúis a athshocrú, agus an Ghearmáin anois ag glacadh leis go gcaithfidh an Úcráin flaitheas na Rúise a aithint ar chríoch a bhíodh Úcránach tráth, d’eisigh Aire Gnóthaí Eachtracha na Fionlainne, Elina Valtonen, rabhadh…

Beidh An Taobh Tuathail (ATT), clár ceoil mhalartaigh RTÉ Raidió na Gaeltachta, ag ceiliúradh 27 bliain ar an aer Dé hAoine an 1 Bealtaine ag 10 pm, le heagrán speisialta á chur i láthair ag Cian Ó Cíobháin, fear a bhunaigh agus a stiúir an clár ó cuireadh tús leis i gCasla in 1999. Is…

Jenna Goulding Tá Féile na Bealtaine faoi lánseol faoi láthair i nDaingean Uí Chúis, áit a bhfuil tús an tsamhraidh á cheiliúradh le fuinneamh agus le cruthaitheacht. Cuireann an fhéile clár saibhir ealaíon ar fáil, lena n-áirítear amharclannaíocht, ceol beo, litríocht agus taispeántais ealaíne. Tá an Ghaeilge go mór i gcroílár na n-imeachtaí, mar gheall…
Má tá imeacht Gaeilge á eagrú agat, cuir sonraí an imeachta isteach in An Páipéar saor in aisce. Seol na sonraí chuig imeachtai@anpaipear.ie Dé hAoine an 1 Bealtaine Tob-Ghaeltacht agus seisiún ceoil thraidisiúnta1.30 go 3 pm tob-Ghaeltacht3 pm seisiún ceoil thraidisiúnta le Féile Cheoil Thraidisiúnta Phort LaoiseLeabharlann Phort Laoise, R32 N7EPEolas ag cumanngaelachlaoise@cnag.ieFáilte roimh chách…
Seoladh clár oifigiúil na féile Dorn san Aer 2026 oíche Dé Aoine seo caite i dTigh Hiúdaí Bhig, Gaoth Dobhair, agus gealltar deireadh seachtaine spleodrach eile idir an 25 agus 27 Meán Fómhair in ómós don chraoltóir iomráiteach Rónán Mac Aodha Bhuí. Seo í an tríú bliain den fhéile, a bunaíodh in 2024 mar cheiliúradh…
Tá clár iomlán na mbannaí agus na n-imeachtaí fógartha anois do cheiliúradh speisialta 10 mbliana Fhéile na Gealaí, a bheidh ar siúl i nGaeltacht Ráth Chairn ar an 5 agus 6 Meitheamh, agus gealltar gurb í seo an fhéile is mó agus is uaillmhianaí go dtí seo. Den chéad uair beidh suíomh nua níos fairsinge…

Breathnaíonn Caoimhín Ó Cadhla ar na nósanna a bhaineann le féile na Bealtaine Caoimhín Ó Cadhla Tá an fhéile is fearr liom tagtha, is é sin féile na Bealtaine! De réir an fhéilire réalteolaíoch tosaíonn an samhradh ar an 21 Meitheamh. Dar le lucht na meitéareolaíochta is é an 1 Meitheamh tús an tsamhraidh. Ach…

An Dr Kerron Ó Luain Nuair a foilsíodh torthaí teaghlaigh Dhaonáireamh 1926 le déanaí leag Stiúrthóir na Cartlanna Náisiúnta, Orlaith McBride, béim ar ghné amháin den Ghaeilge agus í ag plé leis na meáin. Cé gur mhaígh 18% den daonra go raibh Gaeilge acu, luaigh sí nár líonadh amach ach 1% de na foirmeacha i…

Domhnall Mac Concharraige Má tá tú ar do bhealach abhaile ar eitleán isteach go Baile Átha Cliath ní féidir neamhiontas a dhéanamh den tírdhreach álainin. Is féidir Sléibhte Chill Mhantáin a fheiceáil, agus ó thuaidh feictear oileán fada darb ainm Oileán an Bhulla. San alt seo foghlaimeoimid faoi stair an oileáin. Thart ar thrí chéad…