Tá féidearthacht mhór ann sa Liobáin go n-eascróidh cogadh cathartha ó chinneadh a rinne rialtas na Liobáine, rialtas a bhaineann leis an bpobal Críostaí Maróiníteach agus le ceannairí an phobail Shunnaígh, comhoibriú leis na hIosraelaigh. Tá comhaontú ar chreatlach slándála déanta idir rialtais na Liobáine agus Iosrael in Washington faoi scáth na Meiriceánach, agus leis seo beidh ar Arm na Liobáine Hezbollah a dhíbirt as ceantar ar an taobh ó dheas ó Abhainn an Litani. Dé hAoine seo caite d’fhógair Rúnaí Stáit na Stát Aontaithe Marco Rubio, Ambasadóir Iosrael chun na Stát Aontaithe Yechiel Leiter agus Ambasadóir na Liobáine chun na Stát Aontaithe Nada Hamadeh comhaontú ar an gcreatlach shlándála. Má fhíoraítear an chreatlach seo is cinnte go mbeidh cogadh cathartha ar na bacáin le rialtas na Liobáine, na Maróinítigh agus ceannairí na Sunnaíoch, Iosrael agus Stáit Aontaithe Mheiriceá ar thaobh amháin agus Hezbollah, na Siaigh, agus Poblacht Ioslamach na hIaráine ar an taobh eile.
In ainneoin meabhrán tuisceana a bheith comhaontaithe idir na Meiriceánaigh agus na hIaránaigh ar mhaithe le síocháin bhuan a chur ar bun, meabhrán a chuimsigh dualgas ar na hIosraealaigh tarraingt amach as ceisceart na Liobáine, dhiúltaigh na hIosraelaigh déanamh amhlaidh agus iad ag déanamh ionsaithe ar chríoch aitheanta na Liobáine ón 2 Márta ar aghaidh. Faoi láthair meastar go bhfuil breis agus 4,000 básaithe agus breis agus milliún eile díláithrithe ó dheisceart na Liobáine.