Aidiachtaí eile agus aidiachtaí neamhrialta
An tseachtain seo caite bhreathnaíomar ar aidiachtaí rialta. Anois breathnaímid ar aidiachtaí rialta a chailleann guta sa bhreischéim agus sa tsárchéim:
| Bunchéim | Breischéim | Sárchéim |
|---|---|---|
| deacair | níos deacra | is deacra |
| láidir | níos láidre | is láidre |
| saibhir | níos saibhre | is saibhre |
| aoibhinn | níos aoibhne | is aoibhne |
| uasal | níos uaisle | is uaisle |
Tá aidiachtaí eile ann atá go hiomlán neamhrialta, nach bhfuil patrún ar bith ag baint leo:
| beag | níos lú | is lú |
| dócha | níos dóichí | is dóichí |
| fada | níos faide | is faide |
| maith | níos fearr | is fearr |
| mór | níos mó | is mó |
| olc | níos measa | is measa |
| gearr | níos giorra | is giorra |
| te | níos teo | is teo |
| álainn | níos áille | is áille |
| furasta | níos fusa | is fusa |
Athscríobh na habairtí seo gan na lúibíní
- Beidh an oíche ag éirí níos (fada) feasta.
- Beidh an lá níos (gearr) ná an oíche le teacht an fhómhair.
- Má bhí sé te an samhradh seo caite, bhí sé níos (te) i mbliana.
- Is (dócha) ná a mhalairt go leanfaidh an aeráid ag téamh.
- Ach bíodh an aimsir maith nó olc, níl tír ar bith níos (aoibhinn) ná níos (álainn) ná Éire ar dhroim an tsaoil.
- Tá gramadach na Gaeilge níos (furasta) ná gramadach mórán teangacha eile.
- Is (deacair) i bhfad rialacha an Bhéarla, mar shampla.
- Bhí an contae is (beag) níos (láidir) ná Muineachán ag an deireadh seachtaine.
- Bíodh is go bhfuil an tír níos (saibhir) anois, más fíor do lucht na heacnamaíochta, tá sé níos (deacair) ná riamh teach a cheannach.
- Is (uasal) onóir ná ór, mar sin féin, agus is (maith) an tsláinte ná na táinte.
- Is é Iúpatar an plainéad is (mór), ach tá an ghrian níos (mór) arís.