Éidí dúchasacha na hÉireann

An raibh a fhios agat go raibh éidí dúchasacha ag na Gaeil?

Caoimhín Ó Cadhla

Éadaí d’ócáidí speisialta in Inis Oírr, Co. na Gaillimhe.
Íomhá: An Chartlann Grianghraf, Cnuasach Bhéaloideas Éireann, An Coláiste Ollscoile Baile Átha Cliath D030.01.00003, Simon Coleman, 1959

I ngach tír ar domhan tá éidí náisiúnta faoi leith á gcaitheamh ag pobal na tíre sin. Ach in Éirinn ní fheictear daoine ag caitheamh éidí náisiúnta na hÉireann. Go deimhin bíonn sé deacair smaoineamh céard iad na héidí dúchasacha sin. Ag na féilte Ceilteacha feicfidh tú na hionadaithe ó na tíortha éagsúla ag caitheamh a n-éidí náisiúnta.  Bíonn na hAlbanaigh ag caitheamh an fhillidh bhig, cé go gcreideann mórán gur Sasanach a chéadcheap an ball éadaigh sin sna 1720í, Thomas Rawlinson, ball de Chumann na gCarad. Tá scoláirí i mbun díospóireachta faoi fhírinne an scéil seo nó a mhalairt. Thosaigh náisiúnaithe Éireannacha ag caitheamh an fhillidh bhig ó na 1850í ar aghaidh mar ní raibh siad eolach ar na héidí Gaelacha mar gheall ar ghalldú na tíre. Má bhí an filleadh beag á chaitheamh ag Gaeil in Alban, a cheap siad, caithfidh go raibh na Gaeil in Éirinn á chaitheamh. Thuig siad go raibh léine chróchbhuí ag na Gaeil, agus mar sin chruthaigh siad an filleadh beag cróchbhuí mar shíl siad nach raibh breacán in Éirinn. Nuair a thosaigh na bannaí píob in Éirinn thosaigh siad ag caitheamh an an fhillidh bhig chróchbhuí. Tharla an rud céanna nuair a thosaigh na grúpaí rinceoirí Gaelacha, a d’úsáid an filleadh beag chomh maith. Bhí buachaillí á chaitheamh, cé gur stad siad dá chaitheamh i dtús na 1990í. Murab ea an pilleadh beag éide dúchasach na hÉireann, cad é?

Nuair a thosaigh náisiúnaithe ag cruthú éidí náisiúnta sa dara leath den naoú haois déag bhí éidí dúchasacha á gcaitheamh ag pobal an iarthair. Is fiú breathnú ar stair éidí na hÉireann.  

Roimh ionradh na Normannach bhí an Féineachas i bhfeidhm sa tír. Bhí sé leagtha síos san Fhéineachas cén saghas éidí gur féidir le daoine a chaitheamh bunaithe ar aicme. Mar shampla bhí cead ag searbhónta dath amháin a chaitheamh, feirmeoir dhá dhath, oifigeach trí dhath, taoiseach cúig dhath, ollamh sé dhath agus rí nó banríon seacht ndath. Bhí léine á caitheamh déanta de línéadach le brat déanta d’olann agus ionar a chaití thar an léine agus faoin mbrat. Chaití crios timpeall na léine. Ar an gcrios seo bhíodh scian agus sparán. Bhíodh seodra á chaitheamh ag na huaisle. Is é bróiste Teamhrach an sampla seodra is cáiliúla, a chaití chum brat a cheangal. Bhíodh gruaig fhada ag na mná agus na fir araon.  Bhíodh féasóg ag na fir i gcoitinne, agus uaireanta bhíodh siad gabhlánach. Bhíodh cuaráin á gcaitheamh, déanta de leathar nó línéadach le bonn adhmaid. I gcás ríthe nó banríonacha chaitheadh siad cuaráin déanta d’airgead nó cré-umha. Ach ní chaitheadh an chosmhuintir ná na laochra aon chuaráin.

Níor athraigh stíl éadaigh na Gaeil le teacht na Normannach, ach faoin séú haois déag thosaigh an stíl ag athrú de réir a chéile. Bhíodh na laochra ag caitheamh an bhrait dhiasaigh i rith an ama sin agus bhí an brat sin chomh te sin go raibh siad in ann iad a úsáid agus iad ag codladh taobh amuigh agus iad i mbun cogaíochta leis na Sasanaigh. Faoin séú haois déag bhí na mná ag caitheamh gúna le hiallacha chun tosaigh air.

Go déanach sa naoú haois déag ní raibh ach pobal an iarthair ag caitheamh éadaí dúchasacha. Bhíodh na mná ag caitheamh seáil. Chomh maith leis sin, in iarthar Chorcaí bhíodh na mná ag caitheamh clóca Chionn tSáile, agus tá grianghraif ann de Mhícheál Ó Coileáin ag labhairt le bean ag caitheamh an chlóca sin sna 1920í. Bhí na sampla is fearr de na héidí a bhí na fir a chaitheamh ar na hoileáin Árainn. Bhíodh geansaí olla acu ina raibh patrúin éagsúla ag braith ar an déantóir. Bhíodh bástchóta, casóg agus bríste acu déanta de bhréidín. Bhíodh crios á chaitheamh acu freisin. Chaitheadh siad hata darb ainm an Caroline nó  caipín ola le bobailín air agus stocaí olla le pampútaí mar bhróga acu. Go luath sa mhílaois chonaic an t-údar seo fear ag caitheamh na n-éadaí sin ar Inis Meáin.

Leis an domhandú agus forbairt an chaipitleachais tá na héadaí céanna á gcaitheamh timpeall an domhain, fiú amháin i ndufair na hAmasóine. Tá an domhan níos leadránaí dá bharr. Léiríonn éidí dúchasacha pearsantacht an náisiúin. Tá an coilíneachas tar éis aon rian de na héadaí dúchasacha a bhaint, agus tá sé thar am na héidí dúchasacha a thabhairt ar ais agus a bheith san fhaisean arís.


Tá an cháilíocht Dioplóma do Chéimithe ag Caoimhín Ó Cadhla i mBéaloideas na hÉireann ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.  

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.