Tá a fhios ag madraí na sráide go bhfuil an Roinn Oideachais ag loiceadh ar an nGaelscolaíocht. D’fhoilsigh an Roinn an Polasaí don Oideachas Lán-Ghaeilge inar seachnaíodh spriocanna straitéiseacha a leagan síos a chinnteodh fás na hearnála. Tá fadhb ann le heaspa fáis na hearnála i gceantair agus contaetha áirithe, gan dabht, rud a cheilleann ceart na Gaelscolaíochta ar na mílte páistí.
Ach tá fadhbanna eile ann a chruthaíonn córais na Roinne, a chuireann bac ar fhás na nGaelscoileanna atá ann cheana. Tuairiscíodh in The Echo an tseachtain seo go raibh Scoil Chrónáin, Ráth Cúil, Contae Bhaile Átha Cliath, le múinteoir a chailleadh de bharr titim san éileamh ar an scoil. D’fhág seo go mbeidh cónascadh ar ranganna sinsearacha sa chéad scoilbhliain eile 2026/2027.
Ach mar a dúirt an comhairleoir áitiúil Francis Timmons, “tá méid na seomraí ranga agus na bhfoirgneamh réamhdhéanta an-teoranta agus tá amhras faoi chúrsaí sláinte agus sábháilteachta”.
Tógadh an foirgneamh nua scoile i lár na 90í, ach tá Ráth Cúil agus an ceantar máguaird tar éis fás go mór ón am sin. Tá roinnt ranganna i Scoil Chrónáin ag feidhmiú i bhfoirgneamh réamhdhéanta ó d’fhás an ceantar mórthimpeall air. Tá talamh faoi úinéireacht na Roinne Oideachais i bhfoisceacht scread asail den scoil ina bhféadfaí scoil nua dhá stór a thógáil air. Ach is cosúil go mbeidh sin á chur ar leataobh do scoil eile Bhéarla nó ceann Ag Foghlaim le Chéile cé go bhfuil scoil mhór Béarla dhá stór ar an mbaile cheana a fuair síneadh agus athchóiriú iomlán le blianta beaga anuas.
Mar sin, tá an Ghaelscolaíocht ar an mbaile á fágáil ar an trá fholamh. Beidh drogall ar thuismitheoirí a bpáistí a sheoladh go scoil gan chóiríocht ná áiseanna chomh nua-aimseartha le scoileanna áitiúla eile.
Tháinig Scoil Chrónáin ar an bhfód in 1975. Ach téann scéal na scoile siar go dtí an tréimhse 1967–72, nuair a bhí Dónall Ó Riagáin, a chuaigh ar shlí na fírinne le déanaí agus a bhí go mór chun cinn i saol na Gaeilge i gCill Dara, ag obair mar riarthóir náisiúnta ar chomórtas Ghlór na nGael ar an Nás. Ba ansin a bhuail sé le ball de chuid choiste Ghlór na nGael darb ainm Nodlaig Ó Cianáin, siopadóir ar an mbaile. Bhí Ó Cianáin tar éis naíscoil a bhunú i Halla an Bhaile agus, mar a deir Ó Riagáin, “bhíodh sé i gcónaí ag rá gur theastaigh uaidh bunscoil a bhunú.” I ndiaidh do chéad pháiste Uí Riagáin agus a mhná Treasa teacht ar an saol in 1973, bhí práinn i gceist leis an gcoincheap.
Bhí Brenda Ní Shúilleabháin, múinteoir Gaeltachta óg as Corca Dhuibhe, ina cónaí sa cheantar ag an am agus baint aici leis an gcoiste céanna ar a raibh Ó Riagáin. Ní raibh sé éasca ag an gcoiste a gceann scríbe a bhaint amach. Dar le hÓ Riagáin, “bhí go leor freasúra i measc an phobail… agus mheasas roinnt polaiteoirí chomh maith.” Bhí “go leor naimhdis ann don Ghaeilge,” agus bhí daoine ag rá, “tá siad ag iarraidh damáiste do na scoileanna paróiste.” Thagair sé don pháirtí Fine Gael go sonrach agus dúirt go raibh “sé faiseanta a bheith frith-Ghaelach ag an am.” Go háitiúil, bhí beirt chomhairleoirí ann a bhí naimhdeach go maith, Larry McMahon agus Seán Walsh. Ach fuair an scoil tacaíocht ó pholaiteoirí áirithe, mar shampla Mervyn Taylor, “Teachta Dála de chuid an Lucht Oibre a bhí an-bháúil, Giúdach a bhí ann.”
Bhí tuairimí éagsúla i measc na státseirbhíseach agus na cléire i leith na scoile. Is cuimhin le hÓ Riagáin gur sheas cigire suas ag seimineár chun a thuairimí ar cheist na Gaelscolaíochta a chur in iúl: ‘“tá Scoil Lorcáin i ndeisceart na cathrach agus Scoil [Neasáin] i dtuaisceart na cathrach, [mar sin] tá an fhadhb sin réitithe.”’
Bhí an t-ádh ar an gcoiste gur chuir Leas-Rúnaí sa Roinn Oideachais, Pádraig Breathnach, spéis sa tionscadal. Dúirt sé gurb é an rud is tábhachtaí ná uimhir rolla a fháil. Dúirt sé chun é sin a fháil ní mór cúig dhalta agus fiche a bheith agat, agus dúirt sé “nílim go maith ag an uimhríocht agus dá bhfaighfeá beirt is fiche thabharfainn an uimhir rolla daoibh.”
Ba gheall le treascairt iarrachtaí an choiste bunaithe i súile an tsagairt áitiúil. Nuair a chuir Dónall agus Treasa fógra sa nuachtlitir pharóiste maidir le cruinniú poiblí, fuair Treasa glaoch: “how dare you try to set up a school? That’s my business!” Murab ionann agus an sagart áitiúil, bhí rúnaíocht oideachais an Ard-Easpaig “i bhfad níos tuisceanaí agus níos cuidithí.” Ón tús, nuair a ceapadh í mar phríomhoide, ní raibh Ní Shúilleabháin “ag lorg aon ghaoil” leis an Eaglais, óir “níor scoil pharóiste sinn… Ba scoil Chaitliceach sinn, ach níor scoil pharóiste sinn.”
Ainneoin na gconstaicí, d’éirigh leis an scoil oscailt sa bhliain 1975. Ag oscailt oifigiúil Scoil Chrónáin, dúirt Ó Riagáin, “an mbeadh sé iomarcach a bheith ag súil go nglacfadh an rialtas an tosaíocht agus go gceapfaidís agus go bhfeidhmeoidís… polasaí a chinnteodh oideachas lán-Ghaelach do na páistí úd?” Léiriú ab ea é seo ar an tuiscint nach mbunódh an Roinn scoileanna lán-Ghaeilge gan pobal na Gaeilge “éileamh” a chruthú.
Chruthaigh na mór-pholasaithe céanna seo deacrachtaí ar leith ag an leibhéal áitiúil. Dhíol an Roinn as na busanna ach bhí abhantrach chomh mór sin ag Scoil Chrónáin ar dtús lenar áiríodh Ráth Cúil, an Caisleán Nua, Nás, Cluain Dolcáin, Tamhlacht agus “amuigh ar na sléibhte i gCill Mhantáin fiú”. Arsa Ní Shúilleabháin: “dá mbeifeá chun scoil a bhunú ní i Ráth Cúil a bhunófá é… an ceantar ba lú i measc na n-áiteanna ansan go léir…”
Ba chnámh spairne iad cúrsaí cóiríochta do Ní Shúilleabháin, agus í ina príomhoide. “An fhadhb ba mhó a bhí againn… cóiríocht, cóiríocht, cóiríocht.” Tharla sé go minic go mbíodh francaigh sna seomraí ranga agus b’éigean dóibh iad ar fad a ghlanadh sula bhféadfadh na páistí teacht isteach. ‘
Rinne roinnt tuismitheoirí neamhaird de na droch-choinníollacha chun a bpáistí a sheoladh chomh fada le Ráth Cúil. Ach, mar a léiríonn na fadhbanna atá ag an Scoil Chrónáin sa lá atá inniu ann, ní bheidh fás leanúnach ann don ghaelscolaíocht mura dtugtar cothrom na féinne dó. Beidh sé faoi thuismitheoirí atá tiomanta go maith don Ghaeilge tacú leis na scoileanna amháin, ach ní leathnófar an earnáil ar an mbonn sin amháin.
Tá ceacht le baint ón stair sa chás seo mar atá i gcásanna eile. An ann do choiste tuismitheoirí atá sásta feachtasaíocht go leanúnach ar son Scoil Chrónáin agus foirgneamh nua-aimseartha? Tá obair mhór le déanamh le gluaiseacht dheonach na gaelscolaíochta a atógáil ón mbun aníos.
Is staraí gairmiúil é Kerron Ó Luain a bhain a chéim dhochtúireachta ó Ollscoil na Banríona, Béal Feirste.