
Cóilín Duffy Beidh deireadh seachtaine thar a bheith gnóthach romhainn do chluichí Gaelacha na hóige agus na mílte imreoirí faoi 15 bliana d’aois ag glacadh páirt i gcomórtais Fhéile na nGael John West 2026 ar fud na tíre. Dé Sathairn an 20 Meitheamh beidh os cionn 200 cumann agus na mílte imreoirí óga san iomaíocht…

D’fhógair TG4 an tseachtain seo go mbeidh gach céim den Tour de France á craoladh saor go haer ar an stáisiún go dtí deireadh na bliana 2030, tar éis síneadh cúig bliana a chur lena chearta craoltóireachta don rás rothaíochta is cáiliúla ar domhan. Cinnteoidh an comhaontú nua go leanfaidh lucht féachana na hÉireann de…

Cóilín Duffy Beidh súile lucht iomána na hÉireann dírithe ar Staid Semple FBD i nDurlas an deireadh seachtaine seo agus dhá chluiche mhóra ceathrú ceannais Chraobh na hÉireann ar siúl. Dé Sathairn tabharfaidh Baile Átha Cliath aghaidh ar an gClár, agus Dé Domhnaigh beidh Corcaigh agus Uíbh Fhailí ag troid ar son áit sna cluichí…

Bhí trioblóid ar fud na sé chontae i ndiaidh an ionsaithe Dé Luain Jack Mac Íomhair Bliain ar aghaidh ó na círéibeacha ciníocha ar an Bhaile Mheánach agus áiteanna eile sna sé chontae, tá an chuma chéanna ar na sráideanna arís i mbliana. Bhí círéibeacha ciníocha ar siúl Dé Máirt mar fhreagra ar ionsaí a…
Tá géarchéim na ndíolúintí ó staidéar na Gaeilge ag dul in olcas sa chóras oideachais sa stát, de réir tuarascála nua taighde a seoladh os comhair Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge ar an 9 Meitheamh. Is é an tOllamh Emeritus Pádraig Ó Duibhir ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath a…

Cóilín Duffy ag an gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre D’admhaigh an t-oifigeach breithniúcháin Breiffni O’Neill ag tús éisteachta sa Choimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre Dé Máirt nár labhair sé Gaeilge le breis agus 30 bliain, agus gearáin á n-éisteacht ó Sheanán Ó Coistín i gcoinne Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann agus Orange Recruitment.…
Tá clár beartais uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh seolta ag an rialtas, agus tá sé fógartha go mbeidh tacaíocht don Úcráin, cosaint leanaí ar líne agus slándáil na hEorpa i measc na bpríomhthosaíochtaí sna sé mhí amach romhainn. Glacfaidh Éire seilbh ar Uachtaránacht na Comhairle Aontas na hEorpa ón 1 Iúil go…

Is údar mór bróin dúinn go léir i gCill Dara le Gaeilge bhás ár ndlúthchara, Dónall Ó Riagáin, a d’imigh ar shlí na fírinne le deanaí. Ba duine é Dónall a d’fhág lorg domhain orainn mar eagraíocht agus mar phobal na Gaeilge i gCill Dara agus i bhfad i gcéin. Chaith sé a shaol ag…
Tá Dún Garbhán agus Gaeltacht na nDéise ag ullmhú do dheireadh seachtaine lán le ceol, cultúr agus spraoi agus Féile Mheithimh le bheith ar siúl ón 12 go dtí an 14 Meitheamh. Tá clár fairsing imeachtaí curtha le chéile ag lucht eagraithe na féile, le rud éigin ann do gach aoisghrúpa agus do gach leibhéal…
Cathal Ó Murchú Le tús Chorn an Domhain sa sacar faoi lánseol anois, mar a bhíonn gach ceithre bliana, tá fadhbanna móra ag baint le ceann amháin de na trí thír óstacha agus a gcumas ócáid spóirt domhanda den chineál seo a óstáil i gceart. Bhí a lán conspóide ann leis na Stáit Aontaithe a…