
Grianghraif: David Fitzgerald/Sportsfile.
Beidh deireadh seachtaine thar a bheith gnóthach romhainn do chluichí Gaelacha na hóige agus na mílte imreoirí faoi 15 bliana d’aois ag glacadh páirt i gcomórtais Fhéile na nGael John West 2026 ar fud na tíre.
Dé Sathairn an 20 Meitheamh beidh os cionn 200 cumann agus na mílte imreoirí óga san iomaíocht i gcluichí ceannais náisiúnta Féile na nGael sa chamógaíocht agus san iománaíocht. Reáchtálfar na cluichí ag roinnt ionad i gcontaetha Laoise agus Cheatharlach, lena n-áirítear Páirc Uí Mhórdha agus Ionad Feabhais Bhord Oiliúna Laoise agus Uíbh Fhailí i bPort Laoise.
Ar an lá céanna glacfaidh beagnach 200 foireann eile páirt i gcluichí ceannais réigiúnacha Fhéile na nGael ag ionaid éagsúla ar fud na tíre. Cinnteoidh sé seo go mbeidh deis ag clubanna ar gach méid agus gach caighdeán taitneamh a bhaint as an taithí ar leith a chuireann an fhéile ar fáil.
Leanfaidh an ceiliúradh ar aghaidh an tseachtain dár gcionn nuair a bheidh cluichí ceannais náisiúnta Fhéile Pheile na nÓg á reáchtáil in Ionad Feabhais CLG Dhoire ar an Abhainn Bheag agus i gCumann Eoghain Rua, Cúil Raithin, agus ag ionaid eile ar fud an chontae ar an 27 Meitheamh. Ar an lá céanna beidh cluichí ceannais réigiúnacha pheil na bhfear agus pheil na mban ar siúl ar fud na tíre freisin.
Tá cáil idirnáisiúnta bainte amach ag Féile na nGael John West le blianta beaga anuas agus meallann sí foirne ó gach cearn den domhan. Beidh ionadaithe ó Mheiriceá, ón Astraláise, ó mhórthír na hEorpa agus ón mBreatain páirteach arís i mbliana. I gcás go leor de na foirne idirnáisiúnta seo, is iad na cluichí Gaelacha an nasc is láidre atá acu lena n-oidhreacht Éireannach. Tá an fhéile tar éis cuidiú freisin spéis sna cluichí Gaelacha a chothú i measc páistí nach bhfuil cúlra Éireannach acu.
Den chéad uair riamh beidh foireann a dhéanfaidh ionadaíocht ar Chumann Pheil na mBan ar mhór-roinn na hEorpa páirteach i gcluichí ceannais Fhéile Peile na nÓg, rud a léiríonn an fás leanúnach atá tagtha ar na cluichí Gaelacha thar lear.
Cuimsíonn Féile na nGael John West na cluichí Gaelacha go léir: an iománaíocht, an chamógaíocht, peil na bhfear, peil na mban, cluiche corr agus liathróid láimhe. I gcás go leor de na himreoirí óga, is é seo an chéad uair dóibh páirt a ghlacadh i gcomórtas náisiúnta de chuid CLG.
Dúirt Uachtarán CLG, Iarlaith Ó Broin, gur cuid lárnach d’fhéilire an chumainn í an fhéile. Dar leis, tá sí ag cruthú cairdis, cuimhní cinn agus grá do na cluichí Gaelacha i measc glúnta éagsúla ó bunaíodh í.
Dúirt Uachtarán an Chumainn Camógaíochta, Brian Molloy, go bhfuil sé ag tnúth go mór le féile 2026. Mhol sé obair na dtuismitheoirí, na gcóitseálaithe, na n-oifigeach agus na n-oibrithe deonacha a chuireann an ócáid ar siúl gach bliain, agus ghuigh sé gach rath ar na rannpháirtithe.
Tá Féile na nGael ar an bhfód ó 1971, agus beidh Féile Pheile na nÓg ag ceiliúradh 44 bliain ar an bhfód i mbliana. Le tacaíocht leanúnach ó John West, a dhearbhaigh a n-urraíocht go dtí 2028, tá todhchaí láidir geallta do cheann de na himeachtaí spóirt óige is mó agus is tábhachtaí san Eoraip.