Tour de France le fanacht ar TG4 go dtí 2030 faoi chomhaontú nua cúig bliana

D’fhógair TG4 an tseachtain seo go mbeidh gach céim den Tour de France á craoladh saor go haer ar an stáisiún go dtí deireadh na bliana 2030, tar éis síneadh cúig bliana a chur lena chearta craoltóireachta don rás rothaíochta is cáiliúla ar domhan.

Cinnteoidh an comhaontú nua go leanfaidh lucht féachana na hÉireann de bheith in ann féachaint ar gach céim den Tour de France ar TG4, ar Sheinnteoir TG4 agus ar Aip TG4, agus clúdach cuimsitheach Gaeilge á chur ar fáil ar fud na tíre.

Tá ceangal láidir idir lucht leanúna spóirt na hÉireann agus an Tour de France le fada an lá, agus tá an-tóir ar an imeacht mar gheall ar na héachtaí atá bainte amach ag rothaithe Éireannacha le blianta beaga anuas. In 2020, bhuaigh Sam Bennett dhá chéim den Tour agus ghnóthaigh sé an geansaí uaine mar bhuaiteoir Rangú na bPointí. Ba é an chéad Éireannach é le 31 bliain a bhain an gradam sin amach.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!