
Tá Carraig Airt, Contae Dhún na nGall, tar éis Gradam na Gaeltachta a bhuachan don triú huair taobh istigh de cheithre bliana ag Comórtas Bailte Slachtmhara SuperValu 2026, agus Buaile na hAbhann, Contae na hIarmhí, ainmnithe mar an Baile is Slachtmhaire in Éirinn. D’fhógair an tAire Forbartha Tuaithe, Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary, na buaiteoirí…

Bhí Fearghas Mac Lochlainn le bheith ar stáitse ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne an tseachtain seo, ag glacadh páirte sna comórtais a raibh sé chomh lárnach iontu le blianta fada, ach ina ionad sin tá pobal na Gaeilge ag tabhairt ómóis d’fhear a d’fhág lorg buan ar na glúnta Gael. Bhásaigh Fearghas, arbh…

Tá ómós á thabhairt ar fud na tíre do Dhónal Lunny, duine de na ceoltóirí agus léiritheoirí ba mhó tionchar ar cheol traidisiúnta na hÉireann le breis agus leathchéad bliain anuas, a bhásaigh Dé hAoine seo caite, an 23 Deireadh Fómhair, in aois 79 bliain. Bhásaigh Lunny in Ospidéal San Séamas i mBaile Átha Cliath…
Tá ceiliúradh an Oireachtais ar siúl faoi láthair, ina ndéanaimid ceiliúradh ar an nGaeilge. Ach le cúpla seachtain anuas níl mórán le ceiliúradh faraor i dtaobh bhuiséad na Gaeilge de. Tá Buiséad 2027 fógartha agus ní bhfuair Údarás na Gaeltachta sa bhreis ach €800,000, agus ní bhfuair TG4 faic sa bhreis, agus seo le buiséad…
Cóilín Duffy i bPort Laoise D’éirigh thar barr le céad Fhéile Shamhna Laoise a reáchtáladh i bPort Laoise an deireadh seachtaine seo caite, agus beagnach 200 duine ag freastal ar na himeachtaí éagsúla Gaeilge ar feadh trí lá. Ba é Cumann Gaelach Chontae Laoise, craobh de Chonradh na Gaeilge, a bunaíodh i mí Eanáir 2026,…
Má tá imeacht Gaeilge á eagrú agat, cuir sonraí an imeachta isteach in An Páipéar saor in aisce. Seol na sonraí chuig imeachtai@anpaipear.ie Dé hAoine an 30 Deireadh Fómhair Páirc na bPuimcíníTearmann Dúlra Úibh Eachach11 am go meán laeBeidh deis ag gach duine puimcín a roghnú le tabhairt abhaile agus sníodóireacht a dhéanamh. Beidh ceol,…
Tá athrú meoin i leith na Gaeilge le sonrú ar fud na hÉireann agus níos mó daoine ag iarraidh filleadh ar an teanga, dar leis an Uachtarán Catherine Connolly, a rinne oscailt oifigiúil Oireachtas na Samhna i gCill Airne Dé Céadaoin seo caite. Ag labhairt di ag an searmanas oscailte, dúirt an tUachtarán gur thug…
Tá Cill Airne i gContae Chiarraí ina príomhchathair ag pobal na Gaeilge an tseachtain seo agus Oireachtas na Samhna faoi lán seoil. Meastar go bhfreastalóidh suas le 12,000 duine ar an bhféile cúig lá, ina mbeidh 180 imeacht agus 72 comórtas ar siúl, agus beagnach 1,200 iomaitheoir ag glacadh páirte. Tá na mílte Gael ag…
Tá ré nua dhigiteach fógartha ag TG4 agus an craoltóir Gaeilge ag ullmhú chun 30 bliain ar an aer a cheiliúradh Dé Sathairn seo, Oíche Shamhna, le seoladh TG4+, seirbhís nua nuachta ar líne agus feachtas úr faoin mana aitheanta ‘Súil Eile’. Is ar an 31 Deireadh Fómhair 1996 a chuaigh Teilifís na Gaeilge ar…

Aon chailín déag atá sa chór, idir rang a dó agus rang a cúig, agus thug siad léiriú spleodrach ar dhá amhrán thraidisiúnta, Sé mo Laoch agus Óró, Sé do Bheatha ’Bhaile, agus an bodhrán á úsáid acu sa dara hamhrán. Tháinig Cór Scoil Náisiúnta Chillín Liath, Contae Chiarraí, sa dara háit, tar éis dóibh…