
Fógraíodh An Droichead, Béal Feirste, mar phríomhbhuaiteoir Ardán 2026 ag ócáid Ghlór na nGael in Óstán Chonnacht, Gaillimh, Dé Sathairn. Bronnadh €20,000 ar an ngrúpa as tionscadal a thacaíonn le páistí a bhfuil sainriachtanais acu agus lena dteaghlaigh sna luathbhlianta trí Ghaeilge. Chruthaigh An Droichead post do chomhordaitheoir sainriachtanas oideachais, chuir sé oiliúint ar bhaill…

Seoladh an chéad seirbhís bádóireachta leictrí in Éirinn atá inrochtana do dhaoine a úsáideann cathaoireacha rothaí i gCuan Dhún Laoghaire. Tabharfaidh Boathub deis d’úsáideoirí cathaoireacha rothaí agus do dhaoine faoi mhíchumas taitneamh a bhaint as réimse gníomhaíochtaí bádóireachta i gcuan áineasa is mó na hÉireann. Beidh turais timpeall an chuain, eispéiris iascaireachta agus gníomhaíochtaí eile…

Tá ardán cuimsitheach Gaeilge curtha ar fáil ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (POS) chun teacht níos éasca a thabhairt don phobal ar fhaisnéis faoi dhul chun cinn na hÉireann i leith spriocanna forbartha inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe. Tá na tuarascálacha is déanaí a bhaineann leis na 17 sprioc idirnáisiúnta le fáil in aon áit amháin ar…
Seoladh an foilseachán nua Turas COGG 2024-2026 in Óstán Chois Fharraige, na Forbacha, Gaillimh, inné, Déardaoin an 24 Meán Fómhair. Ba é Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, a sheol an leabhrán daite, ina dtugtar léargas cuimsitheach ar fhairsinge, ar ilghnéitheacht agus ar thionchar obair na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta le blianta…

Tá suirbhé nua seolta chun léargas a fháil ar na ceantair ar fud Merseyside ina bhfuil an spéis is mó sa Ghaeilge in 2026. Tagann Suirbhé Gaeilge Learphoill 2026 agus 130 bliain á gceiliúradh ó bunaíodh Conradh na Gaeilge sa chathair. I ndeireadh an naoú haois déag bunaíodh craobhacha den Chonradh i gceantair éagsúla ina…

Tá tús curtha ag Údarás na Gaeltachta leis an bpróiseas clárúcháin do Chárta na Gaeltachta, cárta bronntanais nua a sheolfar go hoifigiúil san fhómhar chun tacú le gnólachtaí áitiúla. Beidh an cárta ar fáil i bhfoirm fhisiciúil agus dhigiteach agus féadfar é a úsáid i ngnólachtaí cláraithe i gceantair Ghaeltachta Dhún na nGall, Mhaigh Eo,…

An tseachtain seo caite scaip fórsaí Ansar Allah, ar a dtugtar Houthi freisin, le smacht a ghabháil ar chósta thiar Éimin. Tá an réigiún seo thar a bheith straitéiseach sa chaoi go bhfuil sé cois le Caolas Bab al-Mandib, aimn a chiallaíonn “geataí na ndeor”. Nascann an Caolas seo an Mhuir Rua agus leis sin…
Is furasta glacadh leis gur le hÉirinn amháin a bhaineann scéal na Gaeilge. Léiríonn tionscnamh nua i Learpholl, áfach, gur fada ó theorainneacha na tíre seo a shíneann fréamhacha agus todhchaí na teanga. Agus 130 bliain de Chonradh na Gaeilge sa chathair á gceiliúradh, tá suirbhé seolta chun lucht labhartha agus foghlama na Gaeilge ar…

Eoin Ó Murchú Tá Éire arís ina sprioc ag iomaitheoirí éadmhara maidir leis an bhfómhar saibhir cánach ar ghnólachtaí ilnáisiúnta eachtracha anseo. Is sampla de sin an t-éileamh is déanaí ó aire airgeadais na Fraince, Roland Lescure, atá ag éileamh athdháileadh níos cothroime, mar a thug sé air, ar amhantar cánach na hÉireann. Ag an…

Bhí Pauric O’Meara aon chéim amháin ón duais in The Traitors, ach ba leor an mhiodóg i lámh Diago Rodrigues Caixeta chun a chur ina luí air go raibh deireadh lena sheans. Tar éis dó maireachtáil mar fhealltóir go dtí babhta deiridh an chomórtais, thuig sé go raibh Diago tar éis teacht air. Ba iad…