
Agus an crosfhocal seo á dhéanamh agat, bain úsáid as Focloir.ie, Teanglann.ie agus Tearma.ie. Cabhróidh siad leat na leideanna a fhuascailt. Trasna 1. An aimsir a bhaineann le rudaí atá le tarlú, an aimsir __________ (12)7. Tiománann tú orthu (7)11. Séideadh sa chorp de bharr buille nó tinnis, ginideach (3)12. Focal draíochta a úsáideann draoi nuair…

Líon isteach na huimhreacha 1-4, 1-5, 1-6 nó 1-9 gan dúbailt in aon líne, colún, ná bosca. Leideanna ar fáil anseo. 4×4 suimeanna 6×6 9×9×X

Is cúis mhór bhróid dúinne ag An Páipéar go bhfuil ár nuachtán ar fáil go hoifigiúil anois ar Irish Newspaper Archives, agus ár gcuid oibre á caomhnú mar chuid de thaifead stairiúil agus cultúrtha na hÉireann. Ó bunaíodh An Páipéar i mí Dheireadh Fómhair 2024, tá sé mar aidhm againn guth láidir, neamhspleách agus comhaimseartha…

Tá Éamonn Fitzmaurice, a threoraigh Ciarraí chuig Craobh na hÉireann in 2014, roghnaithe ag ceannairí CLG na Gaillimhe le dul i gceannas ar fhoireann peile shinsir an chontae ar feadh trí bliana. Tiocfaidh sé i gcomharbacht ar Phádraic Joyce agus é mar chúram air dúshlán na Gaillimhe a athnuachan tar éis fheachtas díomách na bliana…
“Ní lúbfaimid an ghlúin” – sin an teachtaireacht láidir a thug Uachtarán na hIaráine, Masoud Pezeshkian, do Donald Trump ag na Náisiúin Aontaithe, fiú agus cainteanna úra idir Tehran agus Washington ag cothú dóchais go bhféadfaí dul chun cinn a dhéanamh chun deireadh a chur leis an gcogadh. Ag labhairt os comhair Chomhthionól Ginearálta na…

Beidh Féile Bhia Dhaingean Uí Chúis ar siúl Dé Sathairn an 3 agus Dé Domhnaigh an 4 Deireadh Fómhair, agus os cionn 10,000 cuairteoir á súil sa bhaile thar an deireadh seachtaine. Cuirfidh an fhéile neamhbhrabúis, a eagraíonn oibrithe deonacha áitiúla, bia agus táirgeoirí Chorca Dhuibhne i lár an aonaigh, mar aon le ceardlanna, ceol…

Cuireadh tús leis an tríú caibidil den fhiosrúchán ar bhuamáil na hÓmaí an tseachtain seo. Chualathas go raibh ceithre dhuine dhéag bainteach le gníomhaíochtaí fianaiseacha sna laethanta roimhe agus ar lá bhuamáil na hÓmaí. Maraíodh naoi nduine is fiche, bean a bhí ag iompar cúpla san áireamh sa bhuamáil ar an 15 Lúnasa 1998, an…
Ghearr an Coimisiún um Chosaint Sonraí fíneáil €403 milliún ar Google Ireland ar an 21 Meán Fómhair, as na céadta milliúin úsáideoirí a rianú go neamhdhleathach agus as easpa trédhearcachta maidir le húsáid sonraí suíomhanna le haghaidh fógraíochta. Trí ghné a bhí i lár an fhiosrúcháin a osclaíodh in 2020 i ndiaidh gearán ó eagraíocht…
Fad a bhíonn an rialtas ag streachailt le fadhbanna buiséid gan áireamh, lena n-áirítear costas breosla, téamh tí, agus na róchaiteachais leanúnacha in earnáil na sláinte agus an oideachais, tá imní ag dul i méad i measc pinsinéirí, agus eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht orthu, go bhfuil an chuma ar an scéal, in ainneoin cistí an…