Ardán Gaeilge curtha ar fáil ag an bPríomh-Oifig Staidrimh faoi spriocanna forbartha inbhuanaithe na hÉireann

Tá ardán cuimsitheach Gaeilge curtha ar fáil ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (POS) chun teacht níos éasca a thabhairt don phobal ar fhaisnéis faoi dhul chun cinn na hÉireann i leith spriocanna forbartha inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe.

Tá na tuarascálacha is déanaí a bhaineann leis na 17 sprioc idirnáisiúnta le fáil in aon áit amháin ar an ardán. Clúdaítear iontu réimsí leathana amhail deireadh a chur leis an mbochtaineacht agus leis an ocras, sláinte, oideachas, cothromas inscne, an comhshaol, fostaíocht, bonneagar agus gníomhú ar son na haeráide.

Ghlac ballstáit na Náisiún Aontaithe le Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe in 2015. Is é atá mar aidhm leis na spriocanna ná saol níos cothroime, níos sábháilte agus níos inbhuanaithe a bhaint amach faoi 2030, gan aon duine a fhágáil ar lár.

Ar an ardán Gaeilge, tá teacht ar thuarascáil ar leith faoi gach ceann de na spriocanna. Ina measc tá deireadh leis an mbochtaineacht, dea-shláinte agus folláine, oideachas den scoth, uisce glan agus sláintíocht, fuinneamh glan ar phraghas réasúnta agus obair fhiúntach mar aon le fás geilleagrach.

Déantar scrúdú freisin ar thionsclaíocht, nuálaíocht agus bonneagar, éagothroime a mhaolú, cathracha agus pobail inbhuanaithe agus tomhaltas agus táirgeadh freagrach. Tugtar aird ar leith ar ghníomhú ar son na haeráide, ar an saol faoin bhfarraige agus ar bheathra talún.

Baineann na spriocanna deireanacha le síocháin, ceartas agus institiúidí láidre, chomh maith le páirtíochtaí idir rialtais, eagraíochtaí agus pobail chun na cuspóirí a bhaint amach.

Tugann na tuarascálacha deis do lucht déanta beartas, taighdeoirí, múinteoirí, daltaí agus an pobal i gcoitinne monatóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht na hÉireann. Cuireann na sonraí bonn fianaise ar fáil chun na réimsí ina bhfuil dul chun cinn déanta a aithint, chomh maith leis na bearnaí atá fós le líonadh.

Tá tábhacht ar leith ag baint leis an ábhar a bheith ar fáil i nGaeilge. Cuireann sé le hinrochtaineacht staitisticí oifigiúla agus cinntíonn sé gur féidir plé a dhéanamh trí Ghaeilge ar cheisteanna móra sóisialta, geilleagracha agus comhshaoil. Tá na 17 dtuarascáil ar fáil ar shuíomh gréasáin na Príomh-Oifige Staidrimh.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.