
Ghlac líon mór daoine páirt i siúlóid cois locha i mBaile Locha Riach Dé Domhnaigh an 23 Lúnasa chun dlúthpháirtíocht a léiriú le muintir na Palaistíne agus leis na daoine atá ag fulaingt de dheasca na géarchéime in Gaza. Ba é an grúpa Baile Locha Riach ar son na Palaistíne a d’eagraigh an ócáid. Shiúil…
Reachtáilfidh trí stáit in Oirthear na Gearmáine toghcháin stáit an mhí seo chugainn, iad sin Sachsen-Anhalt, Mecklenburg-Vorpommern, agus Beirlín. Sa gcéad dá cheann, tá an AfD, páirtí a ndeirtear gur páirtí na deise i bhfad amach atá ann, chun cinn go mór ar an gcuid eile, ach i mBeirlín tá sé ar comhchéim leis an…
Tá sé go hiontach a fheiceáil go mbeidh an stát ag maoiniú Skyclarys d’othair a bhfuil Ataicse Friedrich orthu. Tá súil agam go dtugann an FSS an druga sin láithreach do na hothair chun a bhfulaingt a laghdú. Ach bíonn ort ceist a chur conas a dhéantar cinntí sa státchóras. Dúirt an FSS gur cur…
Eoin Ó Murchú Chuir an tragóid ar an M9, nuair a gortaíodh triúr ban agus páiste agus a maraíodh cúigear déagóirí, alltacht agus uafás i mórán. Spreag sé fearg freisin, agus an-chuid caint fholamh faoi phionós níos crua a ghearradh ar dhaoine a thiomáin in aghaidh an tráchta ar mótarbhealaí. Tá sé deacair a shamhlú…

Ceiliúradh borradh suntasach na Gaeilge i Learpholl ag searmanas bronnta na bhFáinní Gaeilge a reáchtáladh i gClub Éireannach Learphoill le déanaí. Bronnadh Fáinní Óir agus Airgid, chomh maith le suaitheantais Cúpla Focal, ar fhoghlaimeoirí a léirigh dul chun cinn agus tiomantas don teanga. Bhí cuimhne Tony Birtill go láidir i gcroílár na hócáide. Ar feadh…

Chuir Fondúireacht Mae Murray tús leis an tionscnaíocht Tránna Ionchuimsitheacha in 2017 sna sé chontae, agus tá sé ag dul ó neart go neart ó shin. Tá sé thrá sna sé chontae atá mar chuid den tionscnaíocht anois. Mar chuid den tionscnaíocht is féidir le duine ar bith atá faoi mhíchumas, a bhfuil fadhbanna sláinte…
Má tá imeacht Gaeilge á eagrú agat, cuir sonraí an imeachta isteach in An Páipéar saor in aisce. Seol na sonraí chuig imeachtai@anpaipear.ie Dé hAoine an 28 Lúnasa Tob-Ghaeltacht Lios Tuathail9 pmTigh John B Keane Dé Sathairn an 29 Lúnasa Rí Rá agus Rith10 amClapham Common, LondainCaife agus comhrá ina dhiaidh Lá oscaile agus aonach…

An 28 Lúnasa go dtí an 30 Lúnasa Imeachtaí ceoil na féile Dé hAoine an 28 Lúnasa 8.30 pmSeoladh Fhéile na Sollán agus tob-GhaeltachtSeisiún oscailte ceoil le Sult na SollánJP Healy’s, saor in aisce Dé Sathairn an 29 Lúnasa 1.00 go 2 pm Ceol beo ar an mBáirse2.30 go 3.30 pm Ceol beo ar an…

An 28 Lúnasa go dtí an 30 Lúnasa Dé hAoine an 28 Lúnasa 2026, lán Mara 18:26, 4.99m 6 pm Beannú na mbádTaispeántas ó bhád tarrthála Oileáin Árann6 pm Comórtas do dhaoine óga, faoi 12, faoi 16, daoine fásta6.30 pm Comórtas, rása pota gliomach6.30 pm Geall díngi na scoile, Scoil Chuimsitheach Chiaráin8 pm Bronnadh na…

Beidh ceiliúradh mór ar chultúr, ceol agus cruthaitheacht na Gaeilge ag an bPicnic Leictreach i mbliana agus an Chollchoill ag comóradh deich mbliana i gcoillte eastát an tSráidbhaile. Tá clár ceoil, amharclannaíochta agus ealaíne fógartha don láthair dhraíochtúil, a bhfuil áit ar leith bainte amach aici i gcroílár na féile. Osclófar imeachtaí na Collchoille Déardaoin…