Tá pobail i gceantair chósta na Gaillimhe agus Bhaile Átha Cliath ar na pobail is mó atá i mbaol ó thuilte, creimeadh cósta agus ardú leibhéal na farraige, de réir léarscáil nua a d’fhorbair taighdeoirí i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Léirigh an staidéar go bhfuil breis agus 20,000 duine i mBaile Átha Cliath agus 9,971…
Seo an chead uair ó bunaíodh an comórtas ocht mbliana is fiche ó shin gur bhuaigh duine as Baile Átha Cliath.
Tá bunaíocht na Gearmáine trína chéile i ndiaidh bua AfD sna toghcháin stáit sa tSacsain-Anhalt in oirthear na Gearmáine. Ní hamháin gur ghnóthaigh páirtí, a dtugtar páirtí ar an eite dheis i bhfad amach air, 44% den vóta, ach fuair an CDU, páirtí Friedrich Merz, Seansailéar na Gearmáine níos lú ná leath den vóta a…

Bhronn Coimisinéir AE na hÉireann, Michael McGrath, gairdín a bhfuil duaiseanna buaite aige ar mhuintir Chorcaí ag searmanas speisialta an tseachtain seo. Cruthaíodh an gairdín, dar teideal Shared Roots, Common Shade, chun Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus cuairt Choláiste na gCoimisinéirí ar Chathair Chorcaí an samhradh seo a chomóradh. Ghlac Ard-Mhéara…
Dúirt an Taoiseach Micheál Martin go gcuirfeadh na rialacha nua atá beartaithe do dhaoine atá ag lorg saoránacht Éireannach an tír ar aon dul níos fearr le ballstáit eile den Aontas Eorpach. Tá an tAire Dlí agus Cirt agus Imirce, Jim O’Callaghan, le Bille Náisiúntachta agus Saoránachta na hÉireann (Leasú), 2026 a chur faoi bhráid…
Eoin Ó Murchú Tá drumaí cogaidh á mbualadh níos minice agus níos déine anois ná riamh, de réir mar a bhíonn ceannairí Eorpacha, lena n-áirítear Taoiseach na hÉireann ‘neodrach’, ag cur iachall orthu féin caiteachais ar airm chogaidh a mhéadú ar chostas leasa shóisialaigh. Taobh thiar de sin ar fad tá taibhse na Rúise ann,…
Tá an-bhuairt orm a fheiceáil go bhfuil Alternative für Deutschland (AfD) tar éis an toghchán sa tSacsain-Anhalt a bhuachan. Tá roth na staire ag teacht timpeall arís. Déantar dearmad gur trí thoghcháin ar éirigh leis na Naitsithe cumhacht a fháil sa chéad dul síos. Fuair na Náitsithe 12 shuíochán sa Reichstag ar dtús in 1928,…

Rinne na Coimisinéirí Teanga anailís ar fheidhmiú reachtaíochta teanga timpeall an domhain.
Má tá imeacht Gaeilge á eagrú agat, cuir sonraí an imeachta isteach in An Páipéar saor in aisce. Seol na sonraí chuig imeachtai@anpaipear.ie Dé hAoine an 11 Meán Fómhair Maidin chaife ar son an Ionad Lae Ghaoth DobhairMeán laeAn Chrannóg F92 EYT3Arna eargrú ag Coiste Forbartha Chnoc Fola Les Irlandais de Bretagne (Gaeil na Briotáine)Ionad…

Tá mol nua ar líne seolta ag an Aire Oideachais agus Óige, Hildegarde Naughton, chun cabhrú le tuismitheoirí agus caomhnóirí tacú lena gcuid leanaí agus iad ag foghlaim agus ag úsáid na Gaeilge. D’fhorbair Gaeloideachas an mol, dar teideal ‘Gaeilge do Thuismitheoirí’, le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge agus le maoiniú ón Roinn Oideachais agus…