
Eoin Ó Murchú Tá tuilleadh brú ar Mhicheál Martin mar cheannaire ar Fhianna Fáil, i bhfianaise na pobalbhreithe is deireanaí a foilsíodh sa Sunday Independent Dé Domhnaigh seo caite. Ní hé go raibh aon rud nua ann, ach dheimhnigh sé treo ar ábhar buartha d’Fhianna Fáil é go bhfuil an páirtí sin ag dul síos…
Eoin Ó Murchú Tá an Ceardchumann Seirbhísí, Tionsclaíoch, Gairmiúil agus Teicniúil (CSTGT), an ceardchumann is mó in Éirinn, tar éis a chur in iúl go bhuill siad ag iarraidh ar an bhfeidhmeannas ó thuaidh brostú le dlí a dhéanamh den Bhille Post Maith go luath, ag rá gur cloch mhíle nua maidir le cearta oibrithe…
Tá dhá fhiosrúchán fhoirmiúla nua tosaithe ag Coimisiún na Meán ar Meta, úinéir Facebook agus Instagram, i ndáil le sáruithe amhrasta ar rialacha an Aontais Eorpaigh maidir le cearta úsáideoirí ar líne agus trédhearcacht córas moltaí. D’fhógair foireann fiosrúchán an Choimisiúin Dé Máirt go ndéanfar scrúdú ar chomhlíonadh Airteagal 27 agus Airteagal 25 de Ghníomh…

Cathal Ó Murchú Maidir leis an athrú aeráide agus an téamh domhanda ina theannta atá le teacht amach anseo, tá sé tuartha ag Gníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil go dtéifidh an Eoraip níos gasta ná aon ilchríoch eile ar domhan. Leis seo eascróidh iarmhairtí tromchúiseacha le gur féidir ardú meánteochta, ganntanas bia agus féidearthacht gorta, ardú básmhaireachta,…
Eoin Ó Murchú Tá Éire Neamhspleách ag treisiú sna pobalbhreitheanna mar thoradh, gan dabht, ar an ról a d’imir an páirtí san agóid bhreosla. Léirigh an agóid go bhfuil míshuaimhneas ann go forleathan faoin tuath faoin gcaoi a bhfuil cúrsaí ag dul. Tá tuairim láidir ann faoin tuath gur cuma leis an rialtas na fadhbanna…

Tá ról níos lárnaí ná riamh ag portaigh i ngníomhú aeráide na hÉireann, ach léiríonn staidéar mór idirnáisiúnta nua go bhfuil bearnaí suntasacha fós sa tuiscint eolaíoch ar conas a fheidhmíonn siad, conas a thagann siad slán, agus cén chaoi is fearr iad a chosaint. Foilsíodh an staidéar san iris Communications Earth and Environment, agus…

Chaith an Breitheamh McLaughlin an t-athbhreithniú breithiúnach amach san Ard-Chúirt Jack Mac Íomhair Rialaigh an Breitheamh McLaughlin nach raibh na nósanna imeachta chun athmhachnamh a dhéanamh ar pholasaí Gaeilge molta mídhleathach. Dhiúltaigh an breitheamh do líomhaintí gur sháraigh an dóigh ar láimhseáil an chomhairle na rialacha vótála cosaintí atá i bhfeidhm chun dearcthaí mionlaigh a…
Eoin Ó Murchú Thug ionadaithe ceardchumainn rabhadh go bhféadfaí gníomhaíocht thionsclaíoch agus stailceanna a dhéanamh mura n-éistfear le hábhair imní na n-oibrithe, agus chuir siad i leith an rialtais go dtugann sé tosaíocht do leasanna gnó thar chaighdeáin mhaireachtála na n-oibrithe. Bhí Ard-Rúnaí Chomhdháil na gCeardchumann, Owen Reidy, ag labhairt faoin socrú a rinne an…

Cathal Ó Murchú Tá an rialtas faoi cheannas an Taoisigh Micheál Martin sna sé chontae is fiche níos mó i mbaol titim ó tharraing na deartháireacha Michael agus Danny Healy-Rae, teachtaí Dála neamhspleácha ó Chiarraí, a dtacaíocht don chomhrialtas siar. Níl anois ach móramh beag ag an rialtas, agus tá míshástacht léirithe go hoscailte ag…

Cuireadh tús leis an fhiosrúchán maidir le mianadóireacht i Muintir Luinigh Dé Luain Jack Mac Íomhair Tá tús curtha leis an fhiosrúchán phoiblí maidir le pleananna an chomhlacht Cheanadach, Dalradian, mianadóireacht a dhéanamh i Sliabh Speirín. Tá sé beartaithe ag Dalradian beagnach 100 tonna d’ór, 50 tonna d’airgead, agus 15,000 tonna de chopar a bhaint…