Rialtas chun bac a chur ar bhille Shinn Féin maidir le pleanáil d’Éirinn Aontaithe

Chuir Sinn Féin an bille maidir le pleanáil agus ullmhúchán os comhair na Dála Dé Máirt 

Jack Mac Íomhair

Pléadh bille de chuid Shinn Féin maidir le hathaontú na tíre ar an Mháirt sa Dáil. Bhí Sinn Féin ag iarraidh ar an rialtas páipéar uaine maidir le hathaontú a ullmhú agus Tionól Saoránach a chur ar bun. 

Dúirt ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald go léiríonn a moladh don rialtas, chun ullmhúchán a dhéanamh le haghaidh Éire Aontaithe, reachtaíocht nua agus uathúil nach ndearnadh roimhe.

Dúirt McDonald go bhfaca siad iarmhairtí an Bhreatimeachta agus níl siad ag iarraidh go dtarlóidh an rud céanna in Éirinn. Dúirt sí go bhfuil siad ag lorg próiseas daonlathach agus measúil. 

Is é cuspóir na reachtaíochta, de réir McDonald, ná go dtiocfadh an Dáil le chéile agus go n-aithneodh siad go bhfuil ullmhúchán de dhíth, beagnach 30 bliain ar aghaidh ó Chomhaontú Aoine an Chéasta, lena chinntiú nuair a tharlóidh reifreann go mbeidh díospóireacht shocair agus feasach ann.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.