Gaillimh agus Luimneach réidh do lá mór na hiománaíochta

Fiona Joyce as an Líonán i nGaillimh agus Tríona Daly as an mBrú – comhghleacaithe i gComhairle Cathrach agus Contae Luimnigh ag tnúth le coimhlint den scoth i gcluiche ceannais na hÉireann idir Luimnigh agus Gaillimh Dé Domhnaigh

Beidh deis ag na mílte duine i nGaillimh agus i Luimneach cluiche ceannais Iomána Sinsear na hÉireann idir Gaillimh agus Luimneach a fheiceáil ar scáileáin mhóra saor in aisce Dé Domhnaigh seo, agus tá an dá chomhairle áitiúil tar éis socruithe speisialta a fhógairt don ócáid.

I nGaillimh, beidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe i gcomhar le Féile Idirnáisiúnta Ealaíon na Gaillimhe (GIAF) ag óstáil taispeántas poiblí den chluiche i bPuball Mór Heineken. Tosóidh an cluiche ag 3.30i.n., agus osclófar na doirse ag 2.00i.n.

Deir an Chomhairle go dtabharfaidh an ócáid le chéile dhá cheann de na gnéithe is láidre de shaol na cathrach – an iománaíocht agus na healaíona. Tá sé i gceist go mbeidh an ócáid oiriúnach do theaghlaigh, saor in aisce agus inrochtana, agus go gcuirfidh sí fáilte roimh lucht tacaíochta áitiúil chomh maith le cuairteoirí idirnáisiúnta atá i láthair don fhéile.

Tá ticéid saor in aisce ar fáil trí shuíomh gréasáin GIAF (GIAF.ie), agus beidh uasmhéid de cheithre thicéad in aghaidh gach áirithinte.

Dúirt Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Helen Ogbu, gur deis ar leith a bheidh san imeacht chun spórt, cultúr agus pobal na cathrach a thabhairt le chéile. Dúirt sí go mbeidh deis ag lucht tacaíochta, teaghlaigh agus cuairteoirí “an marún agus bán a cheiliúradh” i suíomh uathúil mar chuid d’Fhéile Idirnáisiúnta Ealaíon na Gaillimhe.

Idir an dá linn, beidh Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh agus CLG Luimnigh ag eagrú cóisir faire i lár chathair Luimnigh, áit a mbeidh scáileán mór á chur ar fáil chun an cluiche a chraoladh beo ó Pháirc an Chrócaigh.

Beidh cead isteach saor in aisce, ach beidh ar dhaoine clárú roimh ré chun freastal ar an imeacht. Osclófar na geataí ag 2.00i.n. Dé Domhnaigh.

Mar chuid de na socruithe, d’fhógair Comhairle Luimnigh go mbeidh dúnadh sealadach bóithre ann i lár na cathrach ó oíche Déardaoin go dtí tráthnóna Dé Máirt chun an ócáid a éascú agus chun sábháilteacht an phobail a chinntiú. Táthar ag súil go mbeidh sluaite móra i láthair agus atmaisféar den scoth sa dá chathair agus iad ag tacú lena gcontaetha i gCraobh Iomána na hÉireann.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.