Níl ach ceithre fhoireann fágtha sa rás don duais is mó i bpeil na mban agus beidh súile lucht leanúna na tíre dírithe ar an dá chluiche leathcheannais de Chraobh Shinsear Peile na hÉireann TG4 Dé Sathairn beag seo, 18 Iúil. Beidh áit i gcluiche ceannais Pháirc an Chrócaigh ar an 2 Lúnasa mar dhuais do na buaiteoirí.
Is iad Ard Mhacha agus Gaillimh a osclóidh an clár i bPáirc Glennon Brothers Pearse ar an Longfort, áit a gcaithfear an liathróid isteach ag 3.15pm. Níos déanaí sa tráthnóna, tabharfaidh Baile Átha Cliath agus Ciarraí aghaidh ar a chéile i bPáirc FBD Semple, Durlas, le tosú ag 5.15pm. Craolfar an dá chluiche beo ar TG4.
Tá cluiche spéisiúil le bheith idir Ard Mhacha agus Gaillimh, dhá fhoireann nach mbíonn i ngleic lena chéile go minic i gcéimeanna deiridh na craoibhe. Tháinig an dá fhoireann trí na cluichí ceathrú ceannais go muiníneach. Chuir Gaillimh taispeántas den scoth isteach ina mbua cuimsitheach ar Mhaigh Eo, 2-20 go 1-6, agus léirigh siad a gcumas ionsaithe agus a ndoimhneacht ar fud na páirce. Ar an taobh eile, bhí ar Ard Mhacha obair níos crua a dhéanamh chun Cill Dara a shárú, ach d’éirigh leo an cluiche a thabhairt leo ar scór 3-9 go 1-12 agus áit a chinntiú sa chluiche leathcheannais.