Dhá leabhar nótaí agus 63 cruinniú taobh thiar d’fheachtas Luimnigh 

Dúirt bainisteoir iomána Luimnigh, John Kiely, gur cuid lárnach d’athbheochan na foirne in 2026 a bhí in athbhreithniú cuimsitheach a rinne sé i ndiaidh dhíomá shéasúr 2025. Tar éis deireadh seachtaine searbh inar cailleadh cluiche ceannais na Mumhan in aghaidh Chorcaí agus cluiche ceathrú ceannais na hÉireann i gcoinne Bhaile Átha Cliath, shocraigh Kiely scrúdú domhain a dhéanamh ar gach gné den fhoireann.

Le linn tréimhse idir sé agus ocht seachtaine idir Lúnasa agus Meán Fómhair na bliana seo caite, shuigh Kiely síos le gach ball den phainéal agus den fhoireann bainistíochta, chomh maith le himreoirí nach raibh le filleadh don séasúr nua. San iomlán, reáchtáil sé 63 cruinniú duine le duine, agus mhair gach ceann acu idir dhá agus trí uair an chloig.

Líon sé dhá leabhar nótaí le tuairimí, machnaimh agus aiseolas ó na rannpháirtithe. D’admhaigh sé nár thug sé faoi phróiseas chomh cuimsitheach sin riamh roimhe seo, ach gur mhothaigh sé go raibh an t-am tagtha.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.