Donoghue agus athbheochan iomána na Gaillimhe

Nuair a d’fhill Micheál Donoghue ar phost bhainisteoir iomána sinsear na Gaillimhe ag deireadh 2024, bhí súil ag lucht leanúna an chontae go bhféadfadh sé an fhoireann a thabhairt ar ais i measc na bhfoirne is fearr sa tír. Anois, agus cluiche ceannais na hÉireann in aghaidh Luimnigh os comhair na foirne, is léir go bhfuil an plean a leag sé amach ag tabhairt torthaí.

Ón tús, ba léir go raibh Donoghue agus a fhoireann bhainistíochta ag smaoineamh ar an todhchaí. Chuir sé iontas ar go leor nuair a fágadh Gearóid McInerney, Joseph Cooney agus Adrian Tuohey lasmuigh den phainéal, cé gur imir an triúr ról lárnach i mbua na Gaillimhe i gCraobh na hÉireann in 2017. Bhí an cinneadh sin ina chomhartha go raibh glúin nua le tabhairt chun cinn agus nach mbeadh áit ag an seanchlú ach ar bhonn cumais.

Bhí forbairt na n-imreoirí óga ag croílár an chur chuige sin. Tugadh Jason Rabbitte, Aaron Niland agus roinnt eile isteach sa phainéal go luath chun taithí a fháil ar an timpeallacht idirchontae agus chun obair a dhéanamh ar a neart fisiciúil, ar a gcothú agus ar a n-aclaíocht.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.