Chaith an Roinn Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce €3.9 milliún ar dheich n-eitilt díbeartha ó mhí Feabhra 2025, de réir figiúirí nua a cuireadh faoi bhráid an Choiste um Chuntais Phoiblí. Léiríonn na sonraí gur thionlaic 988 ball den Gharda Síochána 377 duine a díbríodh ón Stát le linn na n-oibríochtaí sin.
Is ionann an caiteachas agus thart ar €10,344 do gach duine a díbríodh. Ní áirítear sa tsuim sin, áfach, costas na nGardaí a bhí mar thionlacain ar na heitiltí.
I litir chuig an gCoiste um Chuntais Phoiblí, dúirt Ard-Rúnaí na Roinne, Donncha Ó Súilleabháin, go mbraitheann líon na nGardaí a bhíonn ar eitilt ar an riosca a bhaineann leis na paisinéirí.
Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!