D’fhreastail Carla Lockhart, Feisire de chuid an Pháirtí Aontachtaigh Dhaonlathaigh (PAD) ag an imeacht ‘Daoine Óga ar son an Aontachtais’ i Modhscoil Buachaillí Bhéal Feirste an tseachtain seo caite.
Mhol Lockhart dóibh siúd a bhí sa seomra foghlaim ón náisiúnachas, agus dúirt sí gur pobal iad a bhfuil ‘eaglais amháin, spórt amháin agus páirtí polaitíochta amháin acu.’
Dúirt sí gur nós leis an aontachtas scoilteadh agus dul i dtreonna difriúla.
Bhí Lockhart i láthair ag an imeacht a d’eagraigh Coiste Fhéile Mhórcheantar na Seanchille agus Roghanna Malartacha Thuaisceart Éireann. Bhí comhairleoir de chuid Pháirtí Aontachtaigh Uladh (PAU), Pete Wray, Ceannaire an Pháirtí Aontachtaigh Fhorásaigh (PAF), Russell Watton, agus gníomhaí óige, Adam Watters in éineacht léi.