An tseachtain seo caite, bhí comhdháil bhliantúil de chuid ECAT ar siúl in Ancara na Tuirce, an chomhghuaillíocht mhíleata is mó ar Domhan a chuimsíonn 32 ballstát. An cheist is mó a bhí ar an gclár oibre ná an cogadh a leanann ar aghaidh san Úcráin, mar a bhí le blianta beaga anuas, cogadh a bhfuil dlúthbhaint ag ECAT leis.
Bhí cinn stáit agus cinn rialtais na mballstát i láthair ag an gComhdháil chun tacaíocht a léiriú do chlár oibre polaitiúil na heagraíochta úd agus is é an clár oibre polaitiúil ná míleatachas an Iarthair – is é sin le rá na Stáit Aontaithe agus a gcomhghuaillithe géilliúla.
Cé nach ballstát í Éire, bhí ionadaithe míleata ann mar aon le hionadaithe ó 19 stát eile nach baill iad, gníomh a ardaíonn ceisteanna móra faoi neodracht Phoblacht na hÉireann.