Tá maoiniú de €3.7 milliún fógartha ag an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, chun tacú le pobail na n-oileán amach ón gcósta trí infheistíocht i mbonneagar riachtanach agus i dtionscadail forbartha pobail ar fud na tíre.
Áirítear sa phacáiste maoiniú caipitil de €2,740,509 do cheithre údarás áitiúla chun mionoibreacha feabhsúcháin a chur i gcrích ar oileáin i nDún na nGall, i Maigh Eo, i nGaillimh agus i gCorcaigh. I measc na n-oibreacha atá beartaithe tá athdhromchlú bóithre, uasghrádú céanna agus sleamhnán, oibreacha cosanta cósta agus feabhsúcháin ar héileapadanna. Oibreoidh na húdaráis áitiúla i gcomhar leis na pobail áitiúla chun na tionscadail a chur i bhfeidhm.
Dáilfear €727,350 ar Chomhairle Contae Dhún na nGall le haghaidh tionscadal ar Árainn Mhór, Toraigh, Gabhla, Inis Fraoigh, Inis Bó Finne agus Machaire Rabhartaigh. Áirítear ar na tionscadail athchóiriú ar an héileapad ar Árainn Mhór, feabhsuithe bóithre agus draenála, uasghrádú ráillí sábháilteachta ar Thoraigh, deisiúcháin ar bhoth báid Inis Fraoigh agus ullmhú máistirphlean do Ché Mhachaire Rabhartaigh.