Easpa gnímh an stáit i leith Acht na dTeangacha Oifigiúla

Tá moilleanna suntasacha ar chur i bhfeidhm phríomhfhorálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla ag cur isteach go mór ar iarrachtaí an Rialtais feabhas a chur ar sheirbhísí poiblí trí Ghaeilge, dar leis an gCoimisinéir Teanga, Séamas Ó Concheanainn, ina Thuarascáil Bhliantúil do 2025. Deir sé go bhfuil spriocdhátaí reachtúla tábhachtacha caillte agus go bhfuil cearta teanga lucht labhartha na Gaeilge á sárú mar thoradh air sin.

Foilsíodh Acht leasaithe na dTeangacha Oifigiúla in 2021 chun cur go mór leis an méid seirbhísí poiblí a bheadh ar fáil trí Ghaeilge. Mar sin féin, breis agus ceithre bliana ina dhiaidh sin, tá roinnt de na forálacha is tábhachtaí fós gan cur i bhfeidhm, rud atá, dar leis an gCoimisinéir, ag cur moille ar chur chun cinn na Gaeilge san earnáil phoiblí.

I measc na bhforálacha nach bhfuil curtha i bhfeidhm fós tá córas nua na gcaighdeán teanga. Leagfaidh an córas sin amach na seirbhísí a bheidh ar chomhlachtaí poiblí a chur ar fáil i nGaeilge, chomh maith leis na leibhéil inniúlachta sa teanga a bheidh riachtanach do bhaill foirne a bheidh freagrach as na seirbhísí sin a sholáthar. Tá an fhreagracht anois ar an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta an reachtaíocht a chur i bhfeidhm, tar éis gur aistríodh cúram na Gaeilge agus na Gaeltachta chuig an Roinn nua i dtús 2025.

Dúirt an Coimisinéir go bhfuil bunchloch Phlean Náisiúnta 2024 an Rialtais chun seirbhísí poiblí i nGaeilge a fheabhsú fós in easnamh. Thug sé le fios gurbh é Nollaig 2024 an spriocdháta reachtúil chun córas na gcaighdeán teanga a chur i bhfeidhm, ach nach bhfuil sé sin bainte amach fós.

“Fágann an mhoill shuntasach atá le córas na gcaighdeán teanga a bhunú go bhfuil bunchloch Phlean Náisiúnta 2024 an Rialtais chun seirbhísí poiblí i nGaeilge a fheabhsú in easnamh fós,” a dúirt Séamas Ó Concheanainn. Chuir sé leis gur gá anois an córas a chur i bhfeidhm “ina iomláine gan a thuilleadh moille” ionas go mbeidh seirbhísí riachtanacha ar fáil do phobal na Gaeilge ar fud na tíre.

Ní hé sin an t-aon ábhar imní a ardaítear sa tuarascáil. Tugtar le fios freisin nár foilsíodh roinnt treoirlínte reachtúla atá riachtanach chun dualgais áirithe faoin Acht a chur i bhfeidhm. Luadh go háirithe imscrúdú ar Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (ÚFIÉ), inar tugadh le fios go bhfuil géarghá le treoirlínte a chuirfeadh dualgas ar chomhlachtaí poiblí foirmeacha iarratais oifigiúla a chur ar fáil i nGaeilge nó go dátheangach. Bhíothas ag súil go bhfoilseofaí na treoirlínte sin faoi Mhárta 2025, ach níl sé sin déanta fós.

Fuair an t-imscrúdú céanna amach gur sháraigh ÚFIÉ forálacha an Achta nuair a thug sé freagra i mBéarla ar chomhfhreagras a cuireadh isteach i nGaeilge ó bhall den phobal. De réir na tuarascála, léiríonn an cás sin an gá atá le treoir níos soiléire agus le cur i bhfeidhm níos láidre ar chearta teanga.

I gcás eile, chinn an Coimisinéir gur sháraigh Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin forálacha an Achta nuair nár chuir sé córas foirmiúil measúnaithe agus dearbhaithe inniúlachta Gaeilge i bhfeidhm agus stiúrthóir sinsearach á earcú. Bhí gealltanas sa Scéim Teanga Oifigiúil ag an mbord maidir leis an gceanglas sin, ach níor comhlíonadh é.

Leagann an tuarascáil béim chomh maith ar an easpa comhordúcháin náisiúnta maidir leis an sprioc go mbeadh 20% d’fhostaithe na hearnála poiblí inniúil sa Ghaeilge. Deirtear go bhfuil easpa maoirseachta agus tuairiscithe rialta ar an dul chun cinn atá á dhéanamh, cé go bhfuil sé sin mar chuid de chúram an Choiste Chomhairligh um Sheirbhísí Gaeilge. Dar leis an gCoimisinéir, is bac suntasach ar fheabhsú na seirbhísí poiblí i nGaeilge é an ganntanas foirne a bhfuil Gaeilge acu, agus tagann an fhadhb sin chun cinn go rialta sna timpeall 600 gearán a fhaigheann Oifig an Choimisinéara gach bliain.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.