Tá eagla ar mhuintir na hIaráine agus ar phobail sna tíortha máguaird go bhfuil cogadh iomlán ar tí atosú, tar éis an mhalartaithe lámhaigh is mó idir Tehran agus Washington ó mhí Iúil. Bhuail fórsaí Mheiriceá spriocanna ar chósta theas na hIaráine, agus d’fhreagair Tehran le hionsaithe ar bhunáiteanna Meiriceánacha ar fud an Mheánoirthir. Dúirt…
Céim ar gcúl don Aontas Eorpach ba ea toradh reifreann na hÍoslainne i dtaobh cainteanna a chur sa siúl arís maidir le ballraíocht san Aontas. Dhiúltaigh na vótálaithe 52.8% in aghaidh 47.2% do mholadh an rialtais cainteanna faoi bhallraíocht a thosú arís. Bhí cleas soiléir ag an rialtas sa chaoi ar chuir siad an moladh…
Tá sé fógraithe ag an Aire Cosanta Helen McEntee le déanaí go bhfuil Éire le €10 milliún a chur ar fáil don Úcráin ar mhaithe le háiseanna míleata oiliúna a thógáil san Úcráin in ainneoin sheasamh oifigiúil neodrachta an stáit. Is áis oiliúna é a ullmhaíonn saighdiúirí le troid ar an bpáirc chatha, a thagann…

Beidh ar phaisinéirí a bheidh ag taisteal idir na 26 contae agus an Bhreatain le Irish Ferries agus Stena Line pas a iompar ón mí seo chugainn, de bharr athrú ar rialacha aitheantais na gcomhlachtaí. Dúirt Irish Ferries go dtiocfaidh an riail nua i bhfeidhm ar a mbealaí ó Bhaile Átha Cliath go Caergybi agus…
Reachtáilfidh trí stáit in Oirthear na Gearmáine toghcháin stáit an mhí seo chugainn, iad sin Sachsen-Anhalt, Mecklenburg-Vorpommern, agus Beirlín. Sa gcéad dá cheann, tá an AfD, páirtí a ndeirtear gur páirtí na deise i bhfad amach atá ann, chun cinn go mór ar an gcuid eile, ach i mBeirlín tá sé ar comhchéim leis an…

Ghlac líon mór daoine páirt i siúlóid cois locha i mBaile Locha Riach Dé Domhnaigh an 23 Lúnasa chun dlúthpháirtíocht a léiriú le muintir na Palaistíne agus leis na daoine atá ag fulaingt de dheasca na géarchéime in Gaza. Ba é an grúpa Baile Locha Riach ar son na Palaistíne a d’eagraigh an ócáid. Shiúil…
Beidh ar shiopadóirí in Éirinn táillí breise a íoc ar earraí a cheannaítear ar líne ó thíortha lasmuigh den Aontas Eorpach, agus tá An Post ag lorg soiléireachta maidir leis na rialacha nua atá beartaithe. Tá sé beartaithe táille láimhseála €2 a ghearradh ar earraí a thagann isteach san Aontas Eorpach ó thíortha nach bhfuil…

Tá imní mhór á léiriú in Éirinn faoi iarracht an Ghinearáil Alexus Grynkewich, Ard-Cheannasaí Comhghuaillithe na hEorpa (SACEUR) agus ardcheannasaí míleata ECAT, cur isteach ar an díospóireacht abhus faoi neodracht. Rinne iar-oifigeach d’Arm na hÉireann, an feachtaisí síochána Ed Horgan gearán go raibh Grynkewich ag iarraidh tionchar a imirt ar an díospóireacht faoi neodracht na…
Tá comhlacht bunaithe in Texas darb ainm Greenland Energy tar éis leamhsháinn idirnáisiúnta a chruthú trí fhearas taiscéalaíochta ola a dhíluchtú ar chósta iargúlta thoir na Graonlainne gan cead ná údarás ó rialtas na Graonlainne. Tá foláireamh oifigiúil tugtha ag Aireacht Tionsclaíochta agus Acmhainní Mianadóireachta rialtas na Graonlainne don chomhlacht Greenland Energy le tacaíocht ó…

Bhailigh na mílte duine ar fud na hÉireann tráthnóna Dé Céadaoin chun radharc a fháil ar urú gréine a raibh cur síos déanta air mar cheann de na himeachtaí réalteolaíochta ba spreagúla le blianta fada. Ba é seo an t-urú gréine ba shuntasaí a bhí le feiceáil sa chuid seo den Domhan ó 1999, agus…