Deireadh ré Westminster de réir cheannairí na dtíortha Ceilteacha

Leas-Uachtarán agus Uachtarán Shinn Féin, Michelle O’Neill agus Mary Lou McDonald, ceannaire Plaid Cymru, Rhun ap Iorwerth, agus, ceannaire Pàrtaidh Nàiseanta na h-Alba, John Swinney.

I ndiaidh deireadh seachtaine ina raibh an chaint ar fad faoi Donald Trump agus an méid a dúirt sé faoi Éirinn aontaithe, lean an chaint sin ar aghaidh le linn na seachtaine.

Bhí ráflaí ag dul thart an deireadh seachtaine seo caite go mbeadh an comhaontú seo ag teacht ag tús na seachtaine.

Tháinig ceannaire Plaid Cymru, Rhun ap Iorwerth, ceannaire Pàrtaidh Nàiseanta na h-Alba, John Swinney, agus Leas-Uachtarán agus Uachtarán Shinn Féin, Michelle O’Neill agus Mary Lou McDonald faoi seach, le chéile Dé Luain in Caerdydd. 

Is é an chéad uair ó tháinig dílárú i bhfeidhm go raibh céad-airí in Albain, sa Bhreatain Bheag agus sna sé chontae atá ag iarraidh an Ríocht Aontaithe a fhágáil.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.