Os cionn 100 duine ag seoladh Chomórtas Peile na Gaeltachta 2027 i Lios Póil

Bhí os cionn 100 duine i láthair Dé Sathairn seo caite do sheoladh Chomórtas Peile na Gaeltachta 2027 i Lios Póil, ócáid a léirigh an tacaíocht láidir atá sa phobal don chomórtas mór a bheidh ar siúl i gCorca Dhuibhne an samhradh seo chugainn.

Bhailigh baill CLG Lios Póil, imreoirí, iarimreoirí, lucht tacaíochta, muintir na háite agus aíonna i dTigh Tábhairne Uí Shúilleabháin don seoladh oifigiúil. Rinneadh ceiliúradh ar an gcumann, ar chultúr agus ar theanga an cheantair, agus cuireadh tús foirmiúil leis an gcomhaireamh síos go dtí an comórtas.

Taispeánadh gearrscannán den chéad uair ina raibh scéal CLG Lios Póil á insint ag cuid de na daoine a chruthaigh agus a mhúnlaigh an cumann ar feadh na mblianta. Bhí imreoirí, iarimreoirí agus cairde an chlub le feiceáil ann agus tugadh léargas ar stair, féiniúlacht agus grá an phobail don Ghaeilge.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.