Tá Maigh Eo agus Luimneach chun tosaigh sna hainmniúcháin do shárimreoirí peile agus iománaíochta PwC CLG-GPA 2026, tar éis dóibh craobhacha na hÉireann a bhuachan. Tá ainmniúchán déag peile ag Maigh Eo agus trí ainmniúchán déag iománaíochta ag Luimneach.
Bhain Maigh Eo Corn Shomhairle Mhig Uidhir den chéad uair le cúig bliain is seachtó, agus tá ainmniúcháin acu ar fud na páirce. Tá Jack Livingstone i measc an triúir cúl báire atá san iomaíocht, agus tá cúigear cosantóirí, Jack Carney i lár na páirce agus ceathrar tosaitheoirí ar an liosta freisin.
Tá Carney agus Ryan O’Donoghue san iomaíocht do ghradam pheileadóir na bliana, in éineacht le David Clifford ó Chiarraí. Bhuaigh Clifford an gradam sin don tríú huair anuraidh. Tá Darragh Beirne agus Kobe McDonald ó Mhaigh Eo, agus Dara McDonnell ó Lú, ainmnithe do ghradam pheileadóir óg na bliana. Tá McDonald ag iarraidh aithris a dhéanamh ar a athair, Ciarán, sárimreoir in 2004.
Tá dhá chontae dhéag san iomlán ar ghearrliosta na peile: Maigh Eo le duine dhéag, Ciarraí le seachtar, Baile Átha Cliath le cúigear, an Iarmhí le ceathrar, agus Muineachán, Ard Mhacha agus Lú le triúr an ceann. Tá beirt ag Ros Comáin, Corcaigh, Gaillimh agus Tír Eoghain, agus duine amháin ag Dún na nGall. Tá 45 imreoir ainmnithe san iomlán.
San iománaíocht d’fhill Luimneach go buaic an spóirt tar éis dhá bhliain gan Chorn Liam Mhic Cárthaigh. Bhuaigh siad craobh na Mumhan agus an tsraith freisin. Tá trí imreoir déag dá gcuid i measc na gcúig dhuine is daichead atá ainmnithe do na sárimreoirí, ina measc Nickie Quaid, Cian Lynch, Gearóid Hegarty agus Diarmaid Byrnes.
Tá Byrnes, a bhuaigh gradam iománaí na bliana in 2022, agus Hegarty, buaiteoir 2020, ar ghearrliosta an ghradaim chéanna i mbliana. Tá Brian Hayes ó Chorcaigh ainmnithe leo. Sa chatagóir don iománaí óg, tá William Buckley ó Chorcaigh agus beirt as Gaillimh, Jason Rabbitte agus Cillian Trayers, san iomaíocht. Is iad na himreoirí féin a roghnóidh buaiteoirí na gceithre ghradam aonair sa dá chód.
Tá ainmniúchán déag iománaíochta ag Gaillimh, seaimpíní Laighean agus tánaistí chluiche ceannais na hÉireann. Fuair Corcaigh seacht gcinn agus an Clár sé cinn; tá triúr ó Bhaile Átha Cliath, beirt an ceann ó Phort Láirge agus Uíbh Fhailí, agus Cian Kenny mar an t-aon ainmní ó Chill Chainnigh. Tá Cathal Mannion agus cúigear tosaitheoirí ó Ghaillimh ainmnithe freisin.
Dúirt Uachtarán CLG, Jarlath Burns, gur léiriú iad ainmniúcháin na peile ar chomh géar agus a bhí an iomaíocht i rith an tséasúir. Thréaslaigh sé leis na himreoirí agus lena gclubanna. Thagair príomhfheidhmeannach Chumann na nImreoirí Gaelacha, Tom Parsons, do bhliain ar leith do Mhaigh Eo, a chontae féin, agus d’ardú Luimnigh arís san iománaíocht.
Roghnaigh painéal de chomhfhreagraithe na gcluichí Gaelacha ó na meáin chlóite, raidió, teilifíse agus dhigiteacha na hainmnithe, faoi chathaoirleacht Burns. Is í seo an cúigiú bliain agus caoga de na gradaim, a bunaíodh in 1971. Bronnfar na gradaim ag ócáid i gCumann Ríoga Bhaile Átha Cliath i mBaile Átha Cliath Dé hAoine, an 30 Deireadh Fómhair, agus craolfar beo ar RTÉ í.
Ainmniúcháin peile
Cúl báire: Rory Beggan (Muineachán); Jack Livingstone (Maigh Eo); Shane Murphy (Ciarraí).
Cosantóirí: Sam Callinan, Jack Coyne, Enda Hession, David McBrien, Donnacha McHugh (Maigh Eo); Jason Foley, Michael Breen (Ciarraí); Jarlath Óg Burns, Tiernan Kelly (Ard Mhacha); Dara McDonnell, Craig Lennon (Lú); Ronan Wallace, Matthew Whittaker (an Iarmhí); David Byrne, Charlie McMorrow (Baile Átha Cliath); Tommy Walsh (Corcaigh); Niall Devlin (Tír Eoghain); Dylan Byrne (Muineachán).
Lár na páirce: Jack Carney (Maigh Eo); Mark O’Shea (Ciarraí); Conn Kilpatrick (Tír Eoghain); John Maher (Gaillimh); Ciarán Kilkenny (Baile Átha Cliath); Michael Langan (Dún na nGall).
Tosaithe: Darragh Beirne, Ryan O’Donoghue, Kobe McDonald, Jordan Flynn (Maigh Eo); David Clifford, Paudie Clifford, Dylan Geaney (Ciarraí); Niall Scully, Con O’Callaghan (Baile Átha Cliath); Darragh Heneghan, Diarmuid Murtagh (Ros Comáin); Sam McCartan, Brandon Kelly (An Iarmhí); Steven Sherlock (Corcaigh); Stephen O’Hanlon (Muineachán); Ciarán Downey (Lú); Oisín Conaty (Ard Mhacha); Robert Finnerty (Gaillimh).
Peileadóir na bliana: David Clifford; Ryan O’Donoghue; Jack Carney.
Peileadóir óg na bliana: Darragh Beirne; Kobe McDonald; Dara McDonnell.
Ainmniúcháin iománaíochta
Cúl báire: Billy Nolan (Port Láirge); Nickie Quaid (Luimneach); Éibhear Quilligan (An Clár).
Cosantóirí: Seán Finn, William O’Donoghue, Barry Nash, Diarmaid Byrnes, Kyle Hayes (Luimneach); Darren Morrissey, Padraic Mannion, Daithí Burke, Cillian Trayers, Ronan Glennon (Gaillimh); Sean O’Donoghue, Niall O’Leary, Mark Coleman, Rob Downey (Corcaigh); Niall O’Farrell, Diarmuid Ryan (an Clár); Ben Conneely (Uíbh Fhailí); Paddy Smyth (Baile Átha Cliath).
Lár na páirce: Cian Lynch, Adam English (Luimneach); Cathal Mannion (Gaillimh); Tony Kelly (An Clár); Brian Hayes (Baile Átha Cliath); Cian Kenny (Cill Chainnigh).
Tosaithe: Cathal O’Neill, Aidan O’Connor, Peter Casey, Gearóid Hegarty, Shane O’Brien (Luimneach); Jason Rabbitte, Tom Monaghan, Darragh Neary, Conor Whelan, Aaron Niland (Gaillimh); Shane Barrett, William Buckley, Brian Hayes (Corcaigh); Peter Duggan, Seán Rynne (An Clár); Dónal Burke (Baile Átha Cliath); Eoghan Cahill (Uíbh Fhailí); Stephen Bennett (Port Láirge).
Iománaí na bliana: Diarmaid Byrnes; Brian Hayes (Corcaigh); Gearóid Hegarty.
Iománaí óg na bliana: William Buckley; Jason Rabbitte; Cillian Trayers.