Oidhreacht agus todhchaí na gcluichí traidisiúnta faoi chaibidil i bPáirc an Chrócaigh

Tháinig breis agus 200 ionadaí ó shaol an spóirt in Éirinn agus ar fud na hEorpa le chéile i bPáirc an Chrócaigh Dé Máirt do Chomhdháil Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh maidir le Spórt agus Cluichí Traidisiúnta.

Chuir an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O’Donovan, agus an tAire Stáit le freagracht as Beartas Spóirt agus Poist, Charlie McConalogue, tús leis an gcomhdháil. Pléadh rannpháirtíocht, cuimsiú sóisialta, déimeagrafaic athraitheacha, inbhuanaitheacht agus ról an spóirt mar chuid den oidhreacht chultúrtha.

Dúirt an tAire O’Donovan go raibh i bhfad níos mó i gceist leis an spórt ná an iomaíocht amháin, mar go n-insíonn sé dúinn cé muid féin, cá as dúinn agus cé hiad na pobail a mhúnlaíonn muid.

“Is cuid bheo dár gcultúr iad cluichí Gaelacha, bollaí bóthair agus ár spóirt thraidisiúnta eile,” a dúirt sé. “Tugadh anuas ó ghlúin go glúin iad, tugann siad daoine le chéile agus tugann siad braistint láidir féiniúlachta agus muintearais do phobail.”

Dúirt sé gur thug Uachtaránacht na hÉireann deis don tír oidhreacht an spóirt thraidisiúnta a chur go daingean ar chlár oibre na hEorpa agus féachaint ar an gcaoi a bhféadfaí rannpháirtíocht agus pobail a láidriú.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.