
Tá dhá stampa náisiúnta nua seolta ag An Post chun Stair agus Cultúr Lucht Siúil na hÉireann a cheiliúradh agus chun aitheantas poiblí a thabhairt don Lucht Siúil mar chuid lárnach agus luachmhar d’oidhreacht na tíre. Nochtadh na stampaí an tseachtain seo mar chuid de Sheachtain Bhróid an Lucht Siúil 2026, atá ar siúl idir…
Pádraig de Burca Bhain triúr rapairí Gaeilge as Béal Feirste Thiar an chéad áit amach sna cairteanna in Éirinn agus an dara háit sa Bhreatain lena n-albam nua Fenian an chéad seachtain dó a bheith ar díol. Níor tharla a leithéid riamh le ceol Gaeilge. Beagnach ag an mbarr De réir Music Week, díoladh 23,983…

Bronnadh duaiseanna ar bhuaiteoir Fhéile Náisiúnta Scoildrámaíochta 2026 ag ócáid speisialta i gClasaċ, Cluain Tarbh, Co. Bhaile Átha Cliath, le déanaí, i ndiaidh seachtain mhór de léirithe den scoth in Ionad Ealaíon an Mhuilinn Chearr, Co. na hIarmhí. Léiríodh breis agus dhá scór dráma ag an bhféile i ndeireadh mhí Aibreáin, le bunscoileanna, iar-bhunscoileanna agus…

Máirín Hurndall D’fhreastail mé ar Imeacht thar a bheith suimiúil ar an 23 Aibreán sa dánlann ghrianghrafadóireachta Belfast Exposed, a spreag a lán smaointe i mo chloigeann. Lá theanga agus chultúr na nGael a bhí ann, mar imeacht amháin i sraith dar teideal BIEN a d’eagraigh an Oifig um Fhéiniúlacht agus Léiriú Cultúrtha faoi stiúir…

Tá TG4 agus Gradam Ceoil tar éis ainmniúcháin phoiblí a lorg do Ghradam Comaoine 2026, an gradam is mó le rá i saol cheol traidisiúnta na hÉireann. Bunaíodh an gradam in 2006 chun ómós a thabhairt dóibh siúd a rinne sárshaothar ar son chaomhnú, chur chun cinn agus leathnú na n-ealaíon traidisiúnta, in Éirinn agus…

Beidh ceiliúradh spleodrach ar éagsúlacht agus ar shaibhreas ilchultúrtha na hÉireann le feiceáil ar scáileáin Cúla4 ón 6 Bealtaine seo chugainn nuair a fhillfidh Mo Shaol Do Shaol don cheathrú sraith nua, le heachtraí úra á gcraoladh gach Céadaoin agus Aoine ag 6.30 tráthnóna ar Cúla4 agus ar cula4.com. Beidh leagan le Teanga Chomharthaíochta na…

Bean uasal aoibhinn chuideachtúil fháilteach ab ea í Máire Ní Bhraonáin, a cailleadh oíche Dé Luain an 13 Aibreán 2026 agus í 73 bliain d’aois. Ina theannta san bhí sárbhua ceoil aici sna réimsí éagsúla a bhaineann leis an ealaín seo, rud a léirigh sí go gléineach i gcaitheamh a saoil mar oirfideach, mar chóireálaí,…

Bhí oíche cheoil den scoth le sonrú i gCraobh Siansa Gael Linn 2026 nuair a bronnadh an phríomhdhuais ar an ngrúpa AISTEAR as Contae an Chláir, a chuir taispeántas cumhachtach ceoil ar fáil os comhair slua mór sa Cheoláras Náisiúnta. Bhí suas le 1,000 duine i láthair don ócáid mhór seo, a thug le chéile…

Jenna Goulding Fuair Gabriel Rosenstock bás Dé Luain seo caite agus 76 bliain d’aois curtha de aige. Rugadh in 1949 i gCill Fhíonáin i gContae Luimnigh é, ach ba i mBaile Átha Cliath a chaith sé formhór a shaoil. Ba ann an áit ar oibrigh sé leis an bhfoilsitheoir Gaeilge, An Gúm. D’fhreastail sé ar…

Beidh léargas domhain agus mothúchánach ar shaibhreas cultúrtha phobal an Lucht Siúil le feiceáil i gclár faisnéise nua lánfhada, Ag Taisteal Siar, a chraolfar ar TG4 Dé Domhnaigh an 5 Aibreán. Déanann an scannán iniúchadh ar ról lárnach an phobail seo i gceol na hÉireann, traidisiún a shíneann siar na céadta blianta agus a tháinig…