Béal Feirste faoi gheasa ag Fleadh Cheoil na hÉireann

Tá Béal Feirste i gcroílár shaol cheol traidisiúnta na hÉireann an tseachtain seo agus meastar go mbeidh breis agus 800,000 duine tar éis freastal ar Fhleadh Cheoil na hÉireann faoin am a gcuirfear clabhsúr leis an bhféile mhór tráthnóna Dé Domhnaigh. Is í seo an chéad uair riamh a reáchtáladh an Fhleadh i bpríomhchathair Thuaisceart Éireann, agus tá borradh suntasach tagtha ar an gcathair de bharr an imeachta.

Tá na sluaite ag líonadh shráideanna na cathrach ó cuireadh tús leis an bhFleadh Dé Domhnaigh. De réir figiúirí ó Belfast One Business Improvement District, taifeadadh 176,464 cuairteoir i lár na cathrach ar an gcéad lá den fhéile, méadú 95% ar an lá céanna anuraidh. Bhí 165,077 duine eile sa chathair Dé Luain, méadú 75% ar líon na gcuairteoirí.

Mar gheall ar an líon mór daoine, leathnaíodh an crios coisithe timpeall Halla na Cathrach ó mhaidin Dé Céadaoin. Dúnadh roinnt príomhbhóithre don trácht chun sábháilteacht na sluaite a chinntiú, agus tá seirbhísí breise á gcur ar fáil ag Translink chun freastal ar an éileamh méadaithe ar iompar poiblí. Tá na heagraithe ag moladh do chuairteoirí an carr a fhágáil sa bhaile agus leas a bhaint as na Seirbhísí Páirceála agus Taistil.

Ní ceol amháin atá á thairiscint don phobal. Tá sráideanna na cathrach lán le margadh ceardaíochta, stallaí bia agus deochanna, ceoltóirí sráide agus imeachtaí pobail. Tá Margadh Naomh Seoirse agus Margadh Smithfield ag feidhmiú le huaireanta sínte, agus tá os cionn céad gnólacht neamhspleách lonnaithe feadh na Sráide Airde, Shráid an Droichid agus na hAscaille Ríoga. Tá Sráidbhaile Bia agus Dí ag Ardeaglais Bhéal Feirste agus Margadh “Craic agus Ceardaíocht” ag ICC Belfast ag mealladh na mílte duine gach lá.

Tá an Ghaeilge fite fuaite sa Fhleadh mar is gnách, agus i mbliana tá The MAC tiomnaithe do chlár imeachtaí Gaeilge le linn na féile. Ina theannta sin, tá imeachtaí imeallacha ar siúl in ionaid éagsúla ar fud na cathrach, lena n-áirítear An Chultúrlann agus The Duncairn.

Tá ról lárnach ag TG4 agus RTÉ i gclúdach na féile i mbliana. Craolfaidh TG4 ceithre chlár bheo faoin teideal Fleadh26 a thosaigh aréir agus a bheidh ag dul ar aghaidh go dtí Dé Domhnaigh, á gcur i láthair ag Doireann Ní Ghlacáin, Peadar Ó Goill agus Gráinne McElwain. Beidh cuid de na hainmneacha is mó sa cheol traidisiúnta agus sa cheol comhaimseartha ar an stáitse, ina measc Brian Kennedy, The Hothouse Flowers, Lúnasa, Clare Sands, Foy Vance, Dónal Lunny, Andy Irvine agus Karan Casey.

Beidh na comórtais mhóra á sruthú beo freisin ar TG4.ie agus ar chainéal TradTG4 ar YouTube, lena n-áirítear comórtas na mBannaí Céilí Sinsear tráthnóna Dé Domhnaigh. Den chéad uair freisin, beidh comórtais na mbannaí céilí faoi 12 á gcraoladh beo.

Tá RTÉ ag cur clár cuimsitheach ar fáil ar an teilifís, ar an raidió agus ar líne. Tá RTÉ Raidió na Gaeltachta ag craoladh beo ó Chearnóg an Scríbhneora gach lá, agus beidh cláir ar nós Ríl an Ródaí, Barrscéalta agus Ceol Binn ó na Beanna á gcraoladh ó chroílár na féile. Tá Morning Ireland agus Céilí House ag craoladh beo ó Bhéal Feirste chomh maith, agus beidh Muireann Nic Amhlaoibh agus Dáithí Ó Sé i mbun sraith nua teilifíse do RTÉ One níos déanaí i mbliana.

Agus na comórtais Uile-Éireann le tosú inniu (Dé hAoine), meastar gurb iad na laethanta deireanacha seo den Fhleadh na cinn is gnóthaí fós. Tá Béal Feirste, Cathair Cheoil UNESCO, ag léiriú a cumais mar óstach ar cheann de na féilte cultúrtha is mó ar domhan, agus tá an chathair ag ceiliúradh ceoil, cultúir agus na Gaeilge ar scála nach bhfacthas riamh cheana.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.