Beidh súile lucht an cheoil thraidisiúnta ar fud na hÉireann agus i bhfad níos faide i gcéin dírithe ar Bhéal Feirste an tseachtain seo agus Fleadh Cheoil na hÉireann 2026 le tosú sa chathair den chéad uair riamh. Ón 2 go dtí an 9 Lúnasa, beidh príomhchathair Thuaisceart Éireann ina hóstach ar cheann de na féilte cultúrtha is mó san Eoraip, agus táthar ag súil go meallfaidh sí suas le 800,000 cuairteoir le linn na hocht lá.
Is ócáid stairiúil í seo do Chomhaltas Ceoltóirí Éireann agus don chathair féin, agus beidh ceoltóirí, amhránaithe, damhsóirí agus lucht leanúna an cheoil thraidisiúnta ag teacht le chéile ó gach cearn d’Éirinn agus ó bhrainsí idirnáisiúnta an Chomhaltais. Beidh comórtais Uile-Éireann, ceolchoirmeacha, seisiúin spontáineacha, céilithe, léachtaí, taispeántais agus imeachtaí pobail mar chuid de chlár cuimsitheach na Fleidhe
Beidh lár chathair Bhéal Feirste faoi gheasa an cheoil le linn na seachtaine, agus cuirfear fáilte roimh chuairteoirí chuig na céadta imeacht oifigiúil agus imeachtaí imeallacha ar fud na cathrach. Tá réimse leathan ceolchoirmeacha fógartha cheana féin, le hainmneacha móra ar nós Altan, Kíla, Stockton’s Wing agus Frankie Gavin & De Dannan i measc na n-ealaíontóirí a bheidh ar an ardán.
Beidh ról lárnach ag an nGaeilge i gclár na Fleidhe freisin. Reáchtálfar imeachtaí Gaeilge, seisiúin chomhrá agus gníomhaíochtaí cultúrtha chun an teanga a chur chun cinn i measc cuairteoirí agus mhuintir na cathrach. Léiríonn na heagraithe gur cuid lárnach d’oidhreacht agus de shaibhreas na Fleidhe í an Ghaeilge, agus go mbeidh fáilte roimh chainteoirí líofa agus fhoghlaimeoirí araon
Tá ullmhúcháin mhóra déanta ag údaráis na cathrach agus ag na heagraithe chun an slua mór a bhainistiú. Beidh socruithe speisialta i bhfeidhm i rith na seachtaine maidir le hiompar poiblí, glanadh na sráideanna, bailiú dramhaíola agus bainistiú sluaite. Tá comhairle tugtha do dhaoine a bheidh ag taisteal chuig an bhFleadh a gcuid turas a phleanáil roimh ré mar gheall ar an líon mór cuairteoirí a bheidh sa chathair.
Mar chuid den chlúdach náisiúnta, beidh TG4 ag craoladh ceithre oíche bheo de Fleadh26 ó lár Bhéal Feirste idir an 6 agus an 9 Lúnasa. Tabharfaidh an clár léargas ar na ceoltóirí is iomráití sa tír chomh maith leis na réaltaí óga atá ag teacht chun cinn, rud a chuirfidh an Fhleadh os comhair lucht féachana ar fud an domhain, agus beidh RTÉ i lár an aonaigh chomh maith le craoltaí beo ar RTÉ Raidio 1 agus RTÉ Raidió na Gaeltachta
Tá súil ag lucht eagraithe na Fleidhe go bhfágfaidh an ócáid lorg buan ar Bhéal Feirste, ní hamháin ó thaobh an gheilleagair de ach ó thaobh an chultúir agus an chomhphobail freisin. Beidh deis ag na mílte duine taithí a fháil ar shaibhreas an cheoil, an damhsa, na hamhránaíochta agus na Gaeilge i gcathair atá ag scríobh caibidil nua i stair na Fleidhe. Tar éis breis agus seachtó bliain de stair na hócáide, beidh Béal Feirste anois mar an 74ú láthair a óstálfaidh Fleadh Cheoil na hÉireann, agus tá gach cosúlacht ann go mbeidh cuimhne go ceann i bhfad ag an lucht freastail ar Fhleadh 2026.