Beirt cúisithe maidir le buama ar thángthas air i gcarr i Muineachán

Stop an tAonad Speisialta Bleachtaireachta carr an tseachtain seo caite i gCarraig Mhachaire Rois, Co. Mhuineacháin, agus é ag dul ó thuaidh. 

Tháinig siad ar bhuama sa charr i ndiaidh cuardaigh agus glaodh ar fhoireann Diúscartha Buamaí an Airm.

Gabhadh beirt agus tá siad anois cúisithe maidir leis an eachtra. Bhí Simon O’Donovan, 44, os comhair na cúirte ag an deireadh seachtaine agus cúisíodh é as seilbh ar shubstaintí pléascacha.

D’fhreastail an dlíodóir Darragh Mackin ar an chúirt ach dúirt sé leis an chúirt nach raibh sé in ann cuidiú le O’Donovan mar gheall ar an stailc atá ar siúl ag dlíodóirí um chúnamh dlí coiriúil.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.