Fáilte curtha roimh Aire Cheanada i nGaillimh

Chuir Comhairle Cathrach na Gaillimhe fáilte roimh Aire Féiniúlachta agus Cultúir Cheanada, an Teachta Parlaiminte Onórach Marc Miller, chuig Halla na Cathrach an tseachtain seo mar chuid dá chuairt oifigiúil ar Éirinn.

Bhí an chuairt mar chuid de chlár níos leithne chun an comhar cultúrtha idir Éire agus Ceanada a neartú roimh an tionscnamh Ceanada-Éire 180, a bheidh ar siúl in 2027. Beidh an tionscnamh déthaobhach sin dírithe ar cheiliúradh a dhéanamh ar na ceangail stairiúla, chultúrtha agus ealaíonta atá idir an dá thír le beagnach dhá chéad bliain.

Bhí Denis King, Ambasadóir Cheanada chun na hÉireann, oifigigh shinsearacha ó Roinn Oidhreachta Cheanada agus John Concannon, Ambasadóir na hÉireann chun Cheanada, i measc na toscaireachta. Chuir Méara na Gaillimhe, an Comhairleoir Helen Ogbu, an Príomhfheidhmeannach Leonard Cleary, stiúrthóirí agus oifigigh shinsearacha na Comhairle, chomh maith le Cathaoirleach Chomhairle Contae na Gaillimhe, Andrew Reddington, fáilte rompu.

Le linn na cuairte, pléadh ról na Gaillimhe mar chathair chruthaitheach a bhfuil cáil idirnáisiúnta uirthi as an ealaín, as an gcultúr, as an nuálaíocht agus as an ilteangachas. Díríodh freisin ar an tábhacht a bhaineann leis an gcultúr mar bhealach chun ceangail idirnáisiúnta agus comhpháirtíochtaí idir pobail a chothú agus a neartú.

Rinneadh tagairt do na caidrimh idirnáisiúnta atá ag an gcathair cheana féin, lena n-áirítear an Comhaontas Cairdis idir Gaillimh agus Moncton in New Brunswick. Léiríonn an chomhpháirtíocht sin na naisc láidre atá fós ann idir iarthar na hÉireann agus cósta Atlantach Cheanada.

Dúirt Méara na Gaillimhe, an Clr Helen Ogbu, go raibh áthas ar an gcathair fáilte a chur roimh an Aire Miller agus a thoscaireacht. Dar léi, cuidíonn cuairteanna dá leithéid leis na ceangail idir an dá thír a neartú agus cruthaíonn siad deiseanna nua do chomhoibriú i réimsí an chultúir, na turasóireachta agus na forbartha pobail.

Chuir an Príomhfheidhmeannach Leonard Cleary leis sin, ag rá gur cuid lárnach d’fhéiniúlacht na Gaillimhe é an cultúr agus go bhfuil an chathair bródúil as na comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta atá bunaithe aici. Dúirt sé freisin go bhfuiltear ag súil le tuilleadh deiseanna comhoibrithe a fhorbairt le Ceanada sna blianta amach romhainn.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.