An Fhrainc agus An Spáinn trí thine agus falscaithe ag réabadh tríothu

Tá falscaithe ag réabadh tríd an Fhrainc agus an Spáinn arís i mbliana agus cúinsí ag iarraidh níos deacra mar gheall ar an teas san Eoraip faoi láthair. 

Tá an fhalscaí is suntasaí sa Fhrainc ag tarlú sna ceantair Landes agus Gironde siar ó Bordeaux. 

Tá na comhraiceoirí tine ag iarraidh na falscaithe a cheansú sa cheantar sin, agus iad ag ullmhú le haghaidh ardú eile sa teocht. 

Dúirt Eric Brocardi, urlabhraí na cónaidhme náisiúnta um chomhraiceoirí tine sa tír, gur cás an leoin agus na luiche atá acu. 

Tá 4 chomhghleacaí dá chuid i ndiaidh bás a fháil le seachtainí anuas sa Fhrainc agus, tá 2,000 comhraiceoir tine sa cheantar Gironde chun iarracht a dhéanamh smacht a chur ar na falscaithe. 

Níl an scéal sa Fhrainc neamhchosúil leis an scéal atá ag tarlú sa Spáinn.

Tá an fhalscaí atá ag tarlú i gcúige Ávila siar ó Madrid ar an fhalscaí is mó riamh i stair na Spáinne, agus 50,000 heicteár dóite cheana féin. 

Tá tonn teasa úr i ndiaidh an Spáinn a bhualadh fosta agus tá imní ann go gcuirfidh sé sin isteach ar iarrachtaí na gcomhraiceoirí tine. 

Dúirt ceannaire réigiúnach ar Madrid, Díaz Ayuso, gur cás dochreidte atá ann agus í ag tabhairt cuairt ar na ceantair ag tús na seachtaine leis an Phríomh-Aire, Pedro Sánchez.

Dúirt Sanchéz go bhfuil dúshlán ollmhór os a gcomhair, ach go bhfuil dóchas ann anois.

Aistríodh breis agus 300,000 duine amach as na ceantair atá thíos leis na falscaithe sa Fhrainc agus sa Spáinn go dtí seo. 

Thug Coimisinéir an Aontais Eorpaigh um Bainistíocht Géarchéime, Hadja Lahbib, rabhadh go gcaithfear freagairt na hEorpa maidir le falscaithe a fhorbairt chun coinneáil suas leis an athrú aeráide. Dúirt sí fosta go gcaithfidh an tAontas Eorpach infheistíocht a dhéanamh, ní hamháin ó thaobh falscaithe a cheansú, ach i gcosc, i mbainistíocht foraoise, agus in oideachas poiblí.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.