Glen Hansard imithe ar shlí na fírinne 

Paddy Casey, Rónán Ó Snodaigh, Colm Mac Con Iomaire, agus Glen Hansard ag ceolchoirm Kíla agus Cairde sa Button Factory i 2013.

Fuair an t-amhránaí agus ceoltóir Glen Hansard bás go luath maidin Dé Céadaoin, an 29ú de mhí Iúil. Bhí timpiste bhóthair aige ar a ghluaisrothar ar an mBóthar Íochtarach idir An Lána Garbh agus Cnoc an Tincéara sna Ceapóga Sú Talún. Bhí sé ag taisteal siar i dtreo Leamhcáin ag filleadh abhaile ó sheisiún ceoil sa Wren’s Nest i Séipéal Iosóid, i mBleá Cliath. É féin amháin a bhí sa tionóisc. Fógraíodh marbh é timpeall ar leathuair tar éis a ceathair agus na seirbhísí éigeandála ag iarraidh cóir leighis a thabhairt dó.

Bleá Cliathach go smior, ba de bhunadh Bhaile Munna é Hansard. Agus é go luath sna déaga d’éirigh sé as an scolaíocht agus dhírigh a chuid fuinnimh ar cheol a chumadh agus a sheinnt.

Is ar Shráid Grafton is mó a rinne sé seinnt – é ag buscáil i dteannta grúpa mór ceoltóirí eile a bhí ag bualadh ceoil ar an tsráid chéanna. Ina measc bhí Mic Christopher, muintir Kíla, Leslie Keye, Miriam Ingram, Marc Dignam, Fiachra Shanks agus lear mór daoine eile.

Tar éis roinnt ceolchoirmeacha a sheinnt le Eoin Ó Broin (an Teachta Dála) ar an dord dúbailte agus Rónán Ó Snodaigh ar chnag-uirlisí, bhunaigh sé The Frames (i measc na mball bhí Dave Odlum agus Colm Mac Con Iomaire). Faoin dtráth seo (1990) bhí léiritheoir clúiteach darbh ainm Denny Cordell tar éis aird a thabhairt air agus an bhliain chéanna thug Island Records conradh taifeadta dó. An bhliain dár gcionn eisíodh céad albam an bhanna Another Love Song.

Timpeall an ama chéanna rinne sé aisteoireacht sa scannán The Commitments, (léiriú ar leabhar Roddy Doyle den teideal céanna), mar Outspan Foster.

Níor lean an conradh taifeadta le Island Records ach tamaillín gairid ach níor chuir sin stop le sodar an bhanna a lean leo ag eisiúint albaim agus singlí den scoth – sé albam san iomlán suas go dtí The Cost i 2006 agus nach mór scór singil. Rinne na Frames dhá amhrán Gaeilge a thaifeadadh Lócaistí (2005) agus Pian agus Ciúnas (2006). Tá siad ar fáil ar dhlúthdhioscaí Sheachtain na Gaeilge dos na blianta céanna.

I 2007 rinne sé aisteoireacht i scannán darbh ainm Once a rinne John Carney a stiúradh. B’eisean a chum tromlach an fhuaimriain chomh maith agus bhain an t-amhrán Falling Slowly, Oscar amach i rannóg na n-amhrán is fearr. Chuir rath an amhráin seo stop leis na Frames ar feadh tamaill fad is a rinne Hansard agus an príomh-aisteoir eile as an scannán Marketa Irglová taisteal timpeall na cruinne ag seinnt ceolchoirmeacha fén ainm The Swell Season.

Tar éis roinnt blianta, agus an gaol idir Hansard agus Irglová thart, thosaigh sé ag seinnt ina aonar. Is minic a bhíodh banna mór ina theannta – agus baill des na Frames ina measc siúd. Cúig albam a d’eisigh sé agus b’é Everything that was East is West of me now (2023) an ceann ba dheireanaí uaidh.

Gach Nollaig bhíodh sé i lár an aonaigh ar Shráid Grafton le Buscáil na Nollag – ócáid bailithe airgid do dhaoine gan dídean, ina gcanadh leithéidí Paddy Casey, Mundy, Liam Ó Maonlaí, Imelda May agus Bono ina theannta.

Níos lú ná ceithre bliana ó shoin rugadh mac (Christy) dó féin agus dá bhean chéile Marie Saaritsa, an file Fionlannach.

Cronóidh a chlann agus saol an cheoil é go mór.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.