Ryan agus Lynch i mbarr a réime i bPoc Fada na hÉireann

Bhain Colin Ryan, as Luimneach, Craobh Uile-Éireann M. Donnelly Poc Fada amach don tríú huair agus don dara bliain as a chéile tar éis taispeántas den scoth ar chúrsa dúshlánach 5km Shliabh Áth na bhFearnaí ar Leithinis Chuaille.

Ní raibh ach coicís caite ó bhuaigh sé bonn Uile-Éireann le foireann iomána Luimnigh nuair a chuir sé lámh ar chorn náisiúnta eile. Chríochnaigh Ryan an cúrsa iomlán le 51 poc agus 54 méadar breise, poc amháin chun tosaigh ar Bobby Douglas as Maigh Eo. Tháinig Éamonn Foudy as an gClár sa tríú háit.

Dúirt Ryan go raibh áthas air an chraobh a bhuachan ar an gcúrsa iomlán i ndálaí maithe aimsire, tar éis gur cuireadh an cúrsa i ngiorracht sna blianta 2021 agus 2025 de dheasca na haimsire. Mhol sé a chlann agus a chairde as an tacaíocht a thug siad dó agus dúirt sé go bhfuil sé i gceist aige filleadh an bhliain seo chugainn chun iarracht eile a dhéanamh ar an gcorn a chosaint.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.