Tuarascáil nua ag léiriú ról lárnach ag talamh poiblí in athchóiriú coillearnach dúchasach

Tá sé léirithe i dtuarascáil nua gur féidir le talamh atá faoi úinéireacht an Stáit, leathstáit agus údaráis áitiúla ról ríthábhachtach a imirt i leathnú agus in athchóiriú choillearnacha dúchasacha na hÉireann.

Foilsíodh an tuarascáil mar chuid den tionscadal Restore Nature: Native Woodlands de chuid an Environmental Pillar. Tá sé mar aidhm ag an tionscadal tacú le Plean Náisiúnta Athchóirithe na hÉireann trí na coillearnacha dúchasacha is tábhachtaí ó thaobh caomhnaithe de a aithint agus deiseanna a léiriú chun iad a leathnú agus a athnascadh.

Ag baint úsáid as anailís córais faisnéise geografaí (CFG), rinne an tionscadal mapáil ar na coillearnacha dúchasacha is luachmhaire sa tír agus d’aithin sé 29 mbraisle coillearnach. Tugtar tús áite do 14 cinn díobh mar gheall ar a méid, a luach éiceolaíoch agus an acmhainn atá acu leathnú ar thailte poiblí. I measc na suíomhanna tá Páirc Náisiúnta Chill Airne, Gleann Dá Loch, Clara Vale, Gleann Abhóca agus Coillte Ghleann Garbh.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.