D’eisigh An Post dhá stampa chomórtha nua chun céad bliain dhá institiúid mhóra i saol na heachaíochta in Éirinn a cheiliúradh – Corn na Náisiún Aga Khan agus Scoil Eachaíochta an Airm, ar bunaíodh iad araon sa bhliain 1926.
Nochtadh na stampaí ag ócáid san RDS i mBaile Átha Cliath, áit a bhfuil dlúthcheangal stairiúil idir an dá eagraíocht agus Seó Capall Bhaile Átha Cliath. Léiríonn na stampaí N-ráta, atá bailí do phostas ar fud oileán na hÉireann, capall agus marcach i mbun seóléimneachta, agus dathanna bhratach na hÉireann mar chúlra. Dhear Red & Grey Design an tsraith, a bheidh ar fáil chomh maith le bileog chuimhneacháin agus clúdach céad lae.
Ar cheann de na stampaí tá an Ceannfort Geoff Curran agus é ag marcaíocht ar DHF Alliance, agus ar an gceann eile tá Nicola Fitzgibbon lena capall Puissance, ag déanamh ionadaíochta ar chomóradh chéad bliain an Aga Khan.