
Grianghraf: Ivor Casey
Díreach amach ó Phríomhshráid Sheoirse Íochtarach i nDún Laoghaire tá foirgneamh álainn, beag, neamhghnách ann. Níl a fhios ag mórán daoine faoi, dar ndóigh, níl a fhios ag muintir Dhún Laoghaire fiú go bhfuil sé ann. Is é sin Aireagal an Chroí Ró-Naofa. Deirtear go bhfuil sé ar cheann de na sárshaothair is mó atá i bhfolach i stíl Athbheochan na Gaeilge.
Tógadh an t-aireagal beag seo i ngairdíní Chlochar Doiminiceach Naomh Muire sa bhliain 1919. Rinneadh é sin mar chomhartha buíochais as deireadh a bheith leis an gCéad Chogadh Domhanda agus mar chuimhneachán ar na céadta fear áitiúil a throid agus a fuair bás sa chogadh sin. Ba bhuachaillí ó scoil áitiúil na mBráithre Críostaí, Dún Laoghaire (ar a dtugtaí Kingstown ag an am) iad.
Sa bhliain 1914 agus 1915 chuaigh an chuid is mó de na fir óga sin isteach in arm na Breataine chun troid sa Chéad Chogadh Domhanda mar gheall ar mheascán casta de chúiseanna polaitiúla, eacnamaíochta agus pearsanta. Ghríosaigh an ceannaire náisiúnach Seán Mac Réamainn fir na hÉireann chun troid ar son ‘saoirse na náisiún beag’ cosúil leis an Bheilg. Chreid go leor de na hÓglaigh go gcinnteodh tacaíocht do chogadh na Breataine go gcuirfí an tAcht um Rialtas Dúchais i bhfeidhm, acht a bhí ar fionraí ag an am. Bhí an bhochtaineacht agus an dífhostaíocht go dona in Éirinn roimh an gcogadh. Chuir arm na Breataine foinse ioncaim iontaofa ar fáil.
I ndiaidh an chogaidh, chuaigh íobairt na bhfear óg i gcion ar mhuintir na Beilge agus mar chuimhneachán ar na fir óga, Éireannacha, bhronn siad dealbh de chroí naofa Chríost. Tógadh an séipéal chun freastal ar an obair speisialta seo.
Sa bhliain 1920, thosaigh an tSiúr Concepta Lynch (Lily Lynch), a bhí ina bean rialta sa chlochar, ag péinteáil na mballaí loma. Is mór an taithí a bhí aici. Rugadh í i dteaghlach cáiliúil maisitheoirí lámhscríbhinní i mBaile Átha Cliath. Bhí stiúideo ag a hathair ar Shráid Grafton agus mhúin sé peannaireacht, maisiú agus órú di. Tar éis a bháis in 1889, bhainistigh sí gnó an teaghlaigh ar feadh tréimhse ghairid sular thosaigh sí leis na hOird Dhoiminiceacha i gclochar Mhuire sa bhliain 1896. Bhí ord na nDoiminiceach i nDún Laoghaire ón mbliain 1847. D’oscail siad scoil lae do chailíní óga agus go gairid ina dhiaidh sin d’oscail siad scoil chónaithe. Ord iata ab ea na Doiminicigh, rud a chiallaigh nár imigh siad amach riamh.
Múinteoir scoile ab ea an tSiúr Concepta, agus chaith sí gach nóiméad saor a bhí aici ón múinteoireacht leis an obair seo ar feadh 16 bliana. Bhí sí ag obair ina haonar den chuid is mó. Mhaisigh sí gach orlach de chuid an taoibh istigh le snaidhmeanna casta ceilteacha, bíseanna, ainmhithe daite agus script Ghaelach. D’úsáid sí gnáthphéint tí agus scuaba. B’éigean an phéint a thabhairt chuici mar nach raibh cead aici imeacht as an gclochar. Cruthaíodh sárshaothar iontach i stíl athbheochan na Gaeilge. Cuireadh an dlaoi mhullaigh ar a saothar le dathanna saibhre na bhfuinneog gloine dhaite de chuid Harry Clarke.
D’oibrigh sí go minic in aireagal an-fhuar ag baint úsáid as scuaba bunúsacha agus gnáthphéint tí. Sa bhliain 1936, b’éigean di stopadh mar gheall ar airtríteas tinn agus drochshláinte. Is dócha go raibh sin níos measa mar gheall ar an deatach ó phéint luaidhe. Fuair sí bás sa bhliain 1939 agus cuireadh í i reilig an chlochair.
Leis na teorainneacha neamhchríochnaithe in uachtar an fhoirgnimh tugtar spléachadh uathúil dúinn ar a cuid teicnící sceitseála agus stionsalála. Bhaineadh sí úsáid as dathanna láidre, oráistí, dearga, gorma , glasa agus dona, as léiriú líneach d’éin ag screadaíl, as seandachtaí ag lúbadh agus daoine ina suí beatha don chruinne seo a d’ordaigh Dia. Is minic a dhéantar comparáid idir a saothar sise agus saothar Leabhar Cheanannais i gColáiste na Tríonóide.
Sna 1990í, leagadh clochar Doiminiceach Naomh Muire a bhí timpeall air chun spás a dhéanamh d’ionad siopadóireachta. Mar gheall ar agóidí ón bpobal, sábháladh an t-aireagal. Tá sí cosanta laistigh de struchtúr coincréite atá nasctha le hionad siopadóireachta Ghort na mBláth.
Is féidir tagairt a dhéanamh don fhoirgneamh álainn seo mar ‘Leabhar Cheanannais trí thoiseach’. Gan dabht, tá sí ar cheann de na seoda ealaíne folaithe is mó in Éirinn. Ach mar áit chiúin mhachnaimh, flaithiúlachta spioraid agus áilleachta, tiomnaithe do chuimhne agus don íobairt, is deacair teacht ar a leithéid.
Is múinteoir meánscoile, staraí, scríbhneoir agus ealaíontóir í Nuala Holloway a bhfuil BA HdipEd agus MA aici.