
Rugadh Elizabeth “Lily” O’Brennan i mBaile Átha Cliath ar an 20ú Lúnasa 1878. D’fhás sí aníos i gclann láidir náisiúnach a ghinfeadh daoine mór le rá i saol polaitiúil agus cultúrtha na tíre. Ba ghníomhaithe a raibh cur amach ag an bpobal náisiúnach orthu a deirfiúracha Áine agus Kathleen. Phós Áine Éamonn Ceannt, duine de cheannairí Éirí Amach 1916, rud a chuir Lily ag croílár na n-eachtraí cinniúnacha i Réabhlóid na hÉireann 1916-23.
Is cosúil gur Fínín a bhí in athair O’Brennan. Le linn na hAthbheochana, chuir an chlann an O’ roimh an sloinne “Brennan”, rud a tharla in go leor cásanna ag an am. Chuir sliocht de mo chuid féin, a raibh an sloinne “Farrelly” orthu, O’ roimh a sloinne chomh maith. Gan dul ar seachrán, ach ba mhaith an rud é feachtas den sórt céanna a fheiceáil arís ach sloinnte a Ghaelú go hiomlán. Tá zeitgeist díchoilínithe ann faoi láthair, agus d’fhéadfadh feachtas Ath-Ghaelú Chonradh na Gaeilge, ina lorgaítear coimitmint logainmneacha a úsáid, a chur in oiriúint do shloinnte. Bhí feachtais mar seo ann san am a chuaigh thart agus tá na cartlanna lán de scríbhneoirí Gaeilge ag impí ar an bpobal a n-ainmneacha Gaeilge a úsáid i bhfoilseacháin éagsúla; ach le cumhacht na meán sóisialta agus an borradh atá faoin nGaelachas faoi láthair seans go mbeadh glacadh maith lena leithéid de bheart?
Ach le filleadh ar O’Brennan. Amhail go leor den ghlúin náisiúnach seo, ba mhúinteoir í an bhean Bhleá Cliathach. Bhí sí ina drámadóir agus ina file chomh maith. D’éirigh go maith lena dráma May Eve in Stephen’s Green a léiríodh in 1912. Ach ba é an obair pholaitiúil an gad is gaire don scornach dar le O’Brennan. Bhí sí i láthair nuair a bunaíodh Cumann na mBan in Wynn’s in 1914, agus ba ghearr go raibh lámh lárnach aici mar eagraí.
Agus Éirí Amach 1916 ag teannadh léi, chabhraigh sí le trealamh a bhogadh, d’iompair sí teachtaireachtaí míleata, agus chruthaigh sí brat an Cheathrú Cathlán. Bhí sí lonnaithe ar Lána Mhuire Mhaith le linn an Éirí Amach. Gabhadh í leis an gcuid eile den gharastún sin agus coinníodh í i mBeairic Richmond agus i bPríosún Chill Mhaighneann ina dhiaidh sin. Scaoileadh amach í an lá céanna is a cuireadh a dheartháir cleamhnais, Ceannt, chun báis.
Chloígh O’Brennan leis an bpoblachtánachas i ndiaidh 1916. Bhí sí ar Ard-Chomhairle Chumann na mBan agus ina dhiaidh sin mar rúnaí ag Art Ó Ghríofa le linn idirbheartaíochta faoin gconradh. Cé go raibh sí ag comhoibriú le toscaireacht an Chonartha Angla-Éireannaigh, thaobhaigh sí leis na hÓglaigh Frith-Chonartha le linn an Chogaidh Cathartha/na Frith-Réabhlóide. Chaith sí tréimhse ag feidhmiú le hoifig Erskine Childer sular cuireadh i ngéibheann arís í in 1922-23, áit ar ghlac sí páirt i stailceanna ocrais.
Ba náisiúnach cultúrtha díograiseach í agus scríobh sí ficsean faoin ainm cleite “Esther Graham” agus bhí lámh aici i mbunú Ghild na Scríbhneoirí Caitliceacha. Bhásaigh sí ar an 31ú Bealtaine 1948 agus thiomnaigh sí oidhreacht shaibhir ealaíon agus polaitiúil do na glúnta a tháinig ina diaidh.
Is staraí gairmiúil é Kerron Ó Luain a bhain a chéim dhochtúireachta amach ó Ollscoil na Banríona, Béal Feirste.