Athbhunaíodh Craobh Cholm Cille de chuid Chonradh na Gaeilge i Sord

Tá Craobh Cholm Cille de chuid Chonradh na Gaeilge athbhunaithe go hoifigiúil i Sord Cholm Cille, i dTuaisceart Chontae Átha Cliath, agus tá sé mar aidhm ag an gcraobh nua borradh a chur faoi shaol na Gaeilge sa cheantar trí réimse leathan imeachtaí agus gníomhaíochtaí pobail a eagrú.

Tá bunús láidir stairiúil ag an gcraobh sa bhaile. Léiríonn sliocht a foilsíodh sa Drogheda Independent ar an 19 Aibreán 1902 go raibh Craobh Cholm Cille gníomhach i Sord breis agus 120 bliain ó shin. De réir na tuairisce, bhí cruinnithe seachtainiúla agus ranganna Gaeilge ar siúl go rialta, agus cuireadh an Ghaeilge chun cinn sna scoileanna náisiúnta áitiúla mar thoradh ar obair na craoibhe. Bhí ceolchoirmeacha agus imeachtaí pobail á n-eagrú acu freisin chun tacú lena gcuid oibre.

Tá sé i gceist ag an gcraobh athbhunaithe leanúint leis an traidisiún sin. I measc na bpleananna atá acu tá ciorcail chomhrá agus ranganna Gaeilge a reáchtáil, campaí spóirt trí Ghaeilge a chur ar fáil, imeachtaí sóisialta a eagrú agus an Ghaeilge a chur i gcroílár shaol an phobail i Sord. Tá fáilte roimh chainteoirí líofa, fhoghlaimeoirí agus gach duine a bhfuil suim acu sa teanga páirt a ghlacadh.

Tagann an t-athbhunú i ndiaidh tréimhse rathúil don ghrúpa. Fógraíodh le déanaí gur bhuaigh Craobh Cholm Cille duais i gcomórtas nua Ardán 2026 de chuid Ghlór na nGael. Is comórtas é a thugann aitheantas do ghrúpaí pobail Gaeilge agus Gaeltachta a léirigh dea-chleachtas, forbairt agus dul chun cinn suntasach. Bronnfar an gradam ar an gcraobh i mí Mheán Fómhair mar aitheantas ar an éacht atá bainte amach aici le linn na bliana.

Tá an chraobh tar éis a céad chruinniú a reáchtáil cheana féin agus lógó nua a sheoladh. Bhí ionadaithe na craoibhe i láthair ag Flavours of Fingal freisin, áit ar bhuail Liam Ó Culbáird le Leaschathaoirleach Chomhairle Contae Fhine Gall, an Comhairleoir Luke Corkery.

Tá tuilleadh eolais faoi imeachtaí agus faoi ghníomhaíochtaí na craoibhe le fáil ar na meáin shóisialta faoin ainm @craobhcholmcille.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.