
Tá suas le dhá mhíle post i mbaol i gContae Luimnigh de réir mar a fhaigheann an feachtas atá spreagtha ag Meiriceá i gcoinne Aughinish Alumina neart, agus lucht leanúna ECAT ag áitiú go stopfaí onnmhairiú alúmana go dtí an Rúis, cé go gciallódh sé sin go ndúnfaí an mhonarcha agus go gcaillfí jabanna i…
Is róghearr go bhfuil an Dara Lá Déag thart. Baineann daoine sa Phobal PAD an-sult go deo as bheith ag ullmhú faoina choinne. Beidh sraoilleáin, hataí agus bratacha curtha ar shiúil, na bláthanna bainte de ghruaig na mban, agus na héadaí oráiste agus corcra stóráilte sa chófra arís. Beidh ar an aos óg smaointiú faoi…

Má tá imeacht Gaeilge á eagrú agat, cuir sonraí an imeachta isteach in An Páipéar saor in aisce. Seol na sonraí chuig imeachtai@anpaipear.ie Féile Mhic Dara 2026 Dé Sathairn 18 lúil 10.30 am Clárú Rásaí Currachaí, An Más11 am Rásaí Currachaí, An Más1.30 pm Rása na nGleoiteoga Beaga & Móra, An Más10:30 pm Ceol le…

Beidh deis ag foghlaimeoirí Gaeilge deireadh seachtaine tumthach a chaitheamh i measc shléibhte agus oidhreacht Iarthar Chill Mhantáin níos déanaí an mhí seo nuair a reáchtálfaidh FUISEOG agus Scoil na Sléibhte cúrsa speisialta idir an 24 agus an 26 Iúil i Ráth Daingin. Tá an cúrsa dírithe ar fhoghlaimeoirí bunleibhéil (A2), go háirithe iad siúd…

Bhí scannánaíocht na Gaeilge go mór chun cinn ag Fleadh Scannán na Gaillimhe i mbliana, áit ar cuireadh ocht scannán Gaeilge le tacaíocht ó TG4 agus a chomhpháirtithe os comhair lucht féachana. Ina measc bhí ceithre ghearrscannán nua a léiríodh faoi na scéimeanna Tús agus Céim Eile, agus a taispeánadh den chéad uair mar chuid…
Tá Craobh Cholm Cille de chuid Chonradh na Gaeilge athbhunaithe go hoifigiúil i Sord Cholm Cille, i dTuaisceart Chontae Átha Cliath, agus tá sé mar aidhm ag an gcraobh nua borradh a chur faoi shaol na Gaeilge sa cheantar trí réimse leathan imeachtaí agus gníomhaíochtaí pobail a eagrú. Tá bunús láidir stairiúil ag an gcraobh…

Fógraíodh gearrliosta Ghradaim Zebbie 2026 de chuid Chumann Scríbhneoirí na hÉireann (Writers’ Guild of Ireland) an tseachtain seo, agus beidh roinnt saothar Gaeilge san iomaíocht ag an searmanas bronnta a reáchtálfar i bPictiúrlann an Light House i mBaile Átha Cliath ar an 3 Meán Fómhair. Is í Tara Flynn a bheidh mar láithreoir ar an…

Tá comhlacht teicneolaíochta oideachais SúilSiar Teoranta, atá lonnaithe i gCeatharlach, tar éis leathnú suntasach a fhógairt ar a chuid oibre le béim ar fhorbairt intleachta saorga trí mheán na Gaeilge, tar éis dó an gradam don Smaoineamh Gnó is Nuálaí a bhuachan ag taispeántas New Frontiers de chuid Fhiontraíocht Éireann in SETU Phort Láirge. Mar…

Comhghairdeas le Lorna Johnson, sintiusóir de chuid An Páipéar ar bronnadh Bonn Néill Uí Dhónaill 2026 uirthi ag ócáid in Oideas Gael, Gleann Cholm Cille, tar éis di an chéad duais a bhaint amach i gComórtas Aistí Néill Uí Dhónaill, comórtas bliantúil foclóireachta a eagraíonn Foras na Gaeilge. Is de bhunadh Éireannach í Lorna, cé…
Tá maoiniú dar luach €471,500 ceadaithe ag an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, do Choimisiún Fulbright chun leanúint le teagasc na Gaeilge in ollscoileanna ar fud na Stát Aontaithe. Tacóidh an maoiniú leis an gclár don bhliain acadúil 2025–2026 agus leanfaidh sé de thionscnamh atá á mhaoiniú ag an Roinn…